Campa Banna 2023 ar siúl don dara bliain i gCultúrlann Uí Chanáin

Bhí seachtain chruthaiteach idirghníomach ag na páistí óga go léir a bhí ag freastal ar Champa Banna i mbliana i gCultúrlann Uí Chanáin i gCathair Dhoire.

Bhí idir ranganna rac-ceoil, popcheoil, amhránaíochta agus ceoil thraidisiúnta ar siúl ón Luan go dtí an Déardaoin san Acadamh Ceoil atá ceangailte leis an Chultúrlann, is é sin Acadamh Ceoil Chaoimhín Uí Dhochartaigh.

D’fhreastail Meon Eile ar an dara lá den champa. Thug muid cuairt ar na ranganna go léir agus iad gnóthach ag ullmhú don taispeántas mór ar an lá deireanach den champa. Bhí na daltaí ag foghlaim na n-amhrán clúiteach céanna toisc go raibh gach duine le teacht le chéile ar an lá deireanach chun na hamhráin a chur i láthair. I measc na n-amhrán a bhí le foghlaim acu bhí ‘As It Was’ le Harry Styles, ‘Someone You loved’ le Lewis Capaldi, ‘Flowers’ le Miley Cyrus agus ‘Nancy Mulligan’ le Ed Sheeran.

Labhair muid le teagascóir an ranga ceoil thraidisiúnta, Jack Warnock, agus le beirt dalta ón rang céanna, Clodagh agus Reuben. Bhí an rang ceoil thraidisúnta gnóthach ag scríobh a gcuid polcaí féin le chéile chomh maith le bheith ag obair ar phoirt amhail ‘The Rose Tree’, ‘Caoimhín Ó Dochartaigh’s’, agus amhrán galánta dar teideal ‘The Winding Way Down to Kells Bay’.

Close
Close