Bua an cheoil ag réalta Ros na Rún, Ann Marie Horan

Tá Ann Marie Horan, nó Frances mar is fearr aithne uirthi ón sobaldráma Ros na Rún, i mbun togra úr ceoil agus í réidh chun a céad albam a sheoladh ar an Satharn beag seo i gCathair na Gaillimhe.

I stiúideo Creg na Vagabones, An Chéibh Nua, Contae an Chláir, a taifeadadh ‘AM I AM’ i gcuideachta an léiritheora agus an cheoltóra Garry Ó Briain, a tharraing go mór ar stíleanna éagsúla traidisiúnta ina chuid cumadóireachta agus cóirithe don albam seo. 

Sular ghlac sí le páirt i Rós na Rún, chaith Ann Marie seal maith blianta ag obair le RTÉ, ar chláir ar nós Fair City.

Le blianta beaga anuas, tá sí ag obair ar léiriúcháin don scáileán mór agus don stáitse, dráma dá cuid féin ‘Nora Barnacle - Signora Joyce’ ina measc, a léirigh An Taibhdhearc. 

Is i nGaillimh, cathair dhúchais Ann Marie, a sheolfar an t-albam agus beidh Dónal Lunny agus Garry Ó Briain ar ardán ina cuideachta.

Ina dteannta fosta beidh ceoltóirí agus amhránaithe atá le cluinstin ar an dlúthdhiosca, Cór Soiscéalach Ignite agus cuid de chliar Ros na Rún san áireamh.

Tá fearadh na fáilte roimh chách ag an oíche speisialta seo a thosóidh ag 8in sa Town Hall Theatre.

Beidh pióga na Nollag agus scailtín fíona ar fáil ó 7:15in ag fáiltiú agus beidh seisiún ceoil i mbéar na hamharclainne tar éis na ceolchoirme. 

Tá na ticéid saor in aisce ach is gá iad a chur in áirithe. Is féidir do thicéad a fháil ar líne www.tht.ie, ar an ghuthán (091 569777) nó buail isteach chuig Amharclann Halla na Cathrach.

Close
Close