Bhí an Phicnic Leictreach, an fhéile is mó in Éirinn, ar siúl sa tSráidbhaile, Co. Laoise an deireadh seachtaine seo caite, agus tharraing an Puball Gaeilge na sluaite Gael isteach chuige ó thús go deireadh na féile.
Is puball áirithe é an Puball Gaeilge i suíomh ‘Mindfield’ na Picnice Leictrí. Bíonn an Puball á reáchtáil go bliantúil ag Raidió na Life, le cuidiú ó Raidió Fáilte agus Féile na Gealaí agus le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Cuirtear leithéidí cainteanna, podchraoltaí agus painéil cainte ar siúl i rith na laethanta, agus bíonn réimse ceoil le cluinstin linn na n-oícheanta.
Bhuail Meon Eile isteach chun blaiseadh a fháil den mhéid a bhí ar siúl sa Phuball i rith an lae Dé Domhnaigh i mbliana. I measc na n-imeachtaí ar sceideal an lae sin, bhí léiriú de ‘Coinneáil Orainn’, dráma le Darach Ó Scolaí a chuir Cumann Drámaíochta Ollscoil na Gaillimhe i láthair le tacaíocht ó Oireachtas na Gaeilge, agus BYOBeanglaim, painéal spraíúil faoi chraic na bhféilte a bhí faoi stiúir Phóilín Nic Géidigh. Labhair ionadaí an Chumainn Dramaíochta, Sorcha Ní Phiotáin, agus Póilín linn faoina n-imeachtaí faoi seach, agus chuala muid ó Chillian Breatnach, bainisteoir Raidió Fáilte, chomh maith faoin luach a bhaineann leis an Phuball.
