Bláthanna Maria

Is beag duine nach bhfuil dúil acu bláthanna a fháil mar bhronntanas. Le Lá na Máithreacha ann ar an Domhnach beag seo thug muid cuairt ar shiopa bláthanna Maria i nGaoth Dobhair le níos mó a fháil amach faoi bhláthanna.

Thosaigh Maria ag cur suime sna bláthanna nuair a bhí siopa bláthanna ag a haintín agus ó shin rinne sí cúrsa san ealaíon agus cúrsa eile i mbláthanna. Ansin d’fhoscail sí a siopa féín.

Tá míniú taobh thiar de gach bláth agus bhí Maria ábalta cuid den eolas sin a thabhairt duinn, faoi rósanna ach go háirithe.

Bíonn Maria gnóthach i rith na bliana le bainseacha agus ócáidí áirithe i rith na bliana mar Lá Fhéile Vailintín, Lá na Máithreacha, breithlaethanta, tórraimh agus go leor eile.

Labhair Meon Eile le Maria agus í ag inse duinn faoi na bláthanna a bhíonn ar fáil aici sa siopa.

Bláthanna Maira
Close
Close