The Shan Vans - banna ceoil nua a bhfuil rud éigin le rá acu

Is grúpa ceoltóirí as Iarthar Bhéal Feirste iad The Shan Vans. Bunaíodh i mí Aibreáin iad agus tá dhá shingil seolta acu cheana féin, mar aon le gigeanna déanta acu ag dhá cheann de na féilte is mó in Éirinn, Féile an Phobail agus Electric Picnic. 

Tá an banna ag obair ar an tríú singil faoi láthair, amhrán 10 nóiméad a chumascann ceol sean-nóis agus ceol damhsa le liricí ar stair agus ar mhiotaseolaíocht na hÉireann. Baineann an banna úsáid as stair agus sóisialachas na hÉireann i gcuid mhaith dá liricí.

"Cé gurb í an phríomhaidhm atá againn ná spraoi a bheith againn, is é an dara ceann ná rud éigin tábhachtach a rá," arsa Conchúr Mac Siacais, príomhamhránaí an bhanna. Dúirt sé fosta gurb iad Patti Smith, Nirvana, Joy Division agus Oasis cuid de na tionchair is mó atá ag The Shan Vans.

Is é Conchúr a chanann agus a sheineann an giotár, tá Breandán McGlone agus Aidan Mackin ar an ghiotár fosta, Colm Gillen ar an dordghiotár, Adam Gamble ar na drumaí agus Michael Sloan ar an mhéarchlár.

Bhuail Meon Eile leis an bhanna ag ceann dá gcuid gigeanna agus labhair muid le Conchúr faoina mbunú agus faoi na pleananna atá acu don am atá le teacht.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar The Shan Vans agus le coinneáil suas chun dáta lena seónna, is féidir leat iad a leanúint anseo ar instagram

Close
Close