Anraí Mac an Ultaigh agus 'Na Saoithe Gan Locht'

Is grúpa pinsinéirí é 'Na Saoithe Gan Locht' a thagann le chéile gach Céadaoin i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich chun Gaeilge a fhoghlaim, leabhair a léamh, ábhair éagsúla a phlé agus, an rud is tábhachtaí, craic a bheidh acu le chéile.

Le déanaí tá an grúpa ag léamh 'Seal S'agamsa' leis an údar Feirsteach, Anraí Mac an Ultaigh, agus tá an-dúil acu sa leabhar. 

Caoimhín Ó Seanáin ón Chulturlann atá i mbun an ghrúpa agus nuair a bhuail sé le hAnraí ar na mallaibh, d’iarr sé air bualadh isteach chuig an rang le comhrá agus plé a dhéanamh ar a shaothar. Ag an am céanna bhí taispeántas Anraí ar siúl sa lárionad agus rinne sé cur síos breá ar na píosaí ann.

Bhain gach Saoi Gan Locht dult mór as an lá. Más suim leat a bheith páirteach sa ghrúpa, nó dá mba mhaith leat cuid ar bith d'ealaín Anraí a cheannach, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Chultúrlann anseo.

Close
Close