Féile Róise Rua seolta ar Oileán Árainn Mhór

Rinneadh céiliúradh ar thraidisiún na hamhránaíochta agus ar oidhreacht Árainn Mhór, oileán atá suite amach ó chósta Dhún na nGall, an tseachtain seo cáite mar chuid d'Fhéile Róise Rua

Chuir Clann Mhic Gloinn tús leis an fhéile seo den chéad uair i mbliana in ómós do Róise Rua, nó 'Róise na nAmhrán' mar a bhí aithne uirthi.

Rugadh Róise Rua sa bhliain 1879. Bhog sí go hOileán Árainn Mhór ón mhórthír agus í ina girseach óg, áit ar chaith sí bunús a saoil.

Bhí cáil na hamhránaíochta agus na scéalaíochta ar Róise agus thiocfadh daoine chuig an teach ag airneáil aici go minic.

D’fhoghlaim Róise a cuid amhrán óna máthair, a bhíodh ag ceol agus í ag cardáil olla.

Sa bhliain 1953 ghlac Seán Ó hEochaidh ó Choimisiún Béaloideasa Éireann síos 67 n-amhrán ó Róise, chomh maith le scéalta agus nótaí ar na hamhráin.

Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig Proinsias Ó Conluain agus Jimmy Mahon ó Raidio Éireann chun an oileáin agus thaifead siad 60 amhrán léi.

D'éirigh go hiontach leis an chéad bhliain d'Fhéile Róise Rua agus bhí neart imeachtaí ar siúl ar fud an oileáin le linn an deireadh seachtaine.

I measc na gceoltóirí a bhí páirteach san fhéile bhí Mairéad Ní Mhaonaigh, Maighread Ní Dhomhnaill, Mick O’Grady, Doimnic Mac Giolla Bhríde, agus Clann Mhic Ruairí. 

Thug Cathal Goan, Iar-Phríomhstiúrthóir RTÉ agus agus Iar-Cheannasaí TG4, agus an t-amhránaí sean-nóis, an Dr Lillis Ó Laoire,argas ar shaol agus ar amhráin Róise Rua, agus cheol cór na scoile áitiúla cuid de na hamhráin sin don slua a bhí i láthair.

Tá Coiste na Féile ag amharc chun tosaigh chuig 2020 anois agus ag súil go rachaidh Féile Róise Rua ó neart go neart.

Close
Close