Amharclann Ghaoth Dobhair: Súil Siar

Osclaíodh Amharclann Ghaoth Dobhair go hofigiúil den chéad uair riamh ar an 3ú Meán Fómhair 1961. In 2017, le tacaíocht agus maoniú ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, rinneadh athchóiriú ar an Amharclann agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin agus ról lárnach aige i bhforbairt agus fás shaol na háite.

Thug Meon Eile cuairt ar Amharclann Ghaoth Dobhair ar na mallaibh agus bhí an deis againn labhairt le beirt iontaobhaithe, Áine Ní Churráin agus Eoghan Mac Giolla Bhríghde. Labhair siad linn faoin bhaint phearsanta s'acu leis an ionad agus faoi thodhchaí na hAmharclainne.

Bronnadh duais 'Q-Mharc Gnó le Gaeilge' ar an Amharclann ag searmanas Ghradraim Gnó na hÉireann ar na mallaibh, duais atá dírithe ar an Dátheangachas den Scoth sna Ghnó. Dúirt Áine linn: "Caithfidh mé a rá gur aitheantas iontach a bhí ann sin mar bhéarfadh sé duit go bhfuil tú ag déanamh rud éigin ceart agus go bhfuil muid ag dul sa treo cheart. Tá sé i gcónaí deas aitheantas a fháil agus is poiblíocht iontach maith a bhí ann fosta. Déanaimid ár ngnó anseo trí mheán na Gaeilge agus tá an Ghaeilge iontach lárnach san obair. Tá an teanga ag achan uile dhuine atá ar an choiste agus achan uile dhuine atá ag obair istigh anseo fosta."

Tá an leabhar cuimsitheach 'Aisteoirí Ghaoth Dobhair’ le Noel Ó Ghallchóir, ina dtugtar súil siar ar ealaíontóirí Ghaoth Dobhair ó 1931-1981, ar fáil le ceannach chomh maith anseo.

Beidh Geamaireacht de chuid Aisteoirí Ghaoth Dobhair, ‘Cinderella', ar an ardán ón 22ú go dtí an 25ú Eanáir ag 19:30. Tá ticéidí ar díol in An Crannóg agus Siopa Molloy’s. Fear óg áitiúil, Ciarán Ó Gallachóir, a scríobh an gheamaireacht agus is é Ciarán atá ina léiritheoir agus stiúrthóir air chomh maith. Is cinnte go bhfuil todhchaí bhreá i ndán d'ealaíontóirí Ghaoth Dobhair agus daoine iontacha ag obair ar an talamh i gcónaí leis sin a chinntiú.

Close
Close