Amharclann an Lyric ag ceiliúradh bhreithlá an drámadóra Brian Friel

Amharclann an Lyric ag ceiliúradh bhreithlá an drámadóra Brian Friel

Tá Amharclann an Lyric ag déanamh ceiliúrtha ar bhreithlá an drámadóra Brian Friel agus é 85 bliana d’aois i mbliana.

Lena bhreithlá a cheiliúradh tá siad chun dhá dhráma dá chuid a léiriú, ‘Molly Sweeney’ agus ceann de na drámaí is cáiliúla a scríobh sé, ‘Philadelphia here I come’.

Is in 1964 a cuireadh ‘Philadelphia here I come’ ar an stáitse don chéad úr agus leathchéad bliain ina dhiaidh tá an dráma chomh rathúil is a bhí riamh.

Suite i nDún na nGall insíonn an dráma scéal Gar O’Donnell, stócach óg atá idir dhá chomhairle fanacht ina bhaile bheag dhúchais nó imeacht ar an choigríoch le saol úr a thoiseacht i Meiriceá.

Is scéal brónach é seo ar go leor bealaí. Tá ar an stócach seo slán a fhágáil ag an saol atá aige, b’fhéidir gan theacht chun an bhaile arís choíche agus, níos mó arís, ag an chaidreamh atá idir é féin agus a athair. Sin ráite tá an dráma lán grinn agus is cinnte go mbeidh an lucht féachana ag gáire chomh maith is a bheith ag caoineadh.

Chuaigh Meon Eile le labhairt le duine de na príomhaisteoirí Peter Coonon atá mar Gar Public. Tá Peter aitheanta mar gheall ar an pháirt atá aige ar an tsraith teilifíse Love/Hate ar RTÉ.

Beidh ‘Philadelphia here I come’ ar siúl ón 6ú Feabhra go dtí an 8ú Márta.

'Philadelphia here I come'
Close
Close