Eagraíodh pléphainéal spreagúil in Áras Uí Chonghaile ar na mallaibh bunaithe ar leabhar ar a bhfuil Rus Bradburd ag obair faoi láthair dar teideal ‘Almost Like Belonging’. In éineacht le Rus, bhí Ahmed Soda agus a iarchóitseálaí ó Chumann Phádraig Sáirséil, Ciarán Ó Dochartaigh.
D’éalaigh Ahmed agus a theaghlach ón chogadh chathartha sa tSiria agus chuaigh siad chomh fada le Béal Feirste i mí na Nollag 2015. In Iarthar Bhéal Feirste, i mbaile Anderson, a d’fhán sé lena theaghlach, áit ar cuireadh fearadh na fáilte rompu. Thosaigh Ahmed ag imirt peile agus iománaíochta do Chumann Lúthchleas Gael Phádraig Sáirséil. Ba ansin a bhuail sé le cóitseálaí agus múinteoir, Ciarán Ó Dochartaigh. Ní raibh Béarla ag Ahmed nuair a bhog sé go hÉirinn ach d’athraigh sin go gasta, chomh maith lena mhuinín agus a fhorbairt pearsanta, mar aon lena scileanna spóirt.
D’imir an cumann lúthchleas gael, chomh maith leis an phobal thart air, tionchar ollmhór ar Ahmed agus a theaghlach ó shin i leith. Breis agus 10 mbliana ar aghaidh, tá Ahmed 20 bliain d’aois anois agus ag freastal ar ollscoil i Sasana.
D’fhreastail Meon Eile ar an imeacht, áit ar labhair muid le Ahmed, Rus agus Ciarán.
Tá cúig leabhar scríofa ag Bradburd go dtí seo. Thosaigh sé ag obair ar ‘Almost Like Belonging’ thiar in 2022 mar chuid de Fellowship Fulbright.
