Albam nua 'Corcra' eisithe ag Gráinne Holland


Feirsteach fríd is fríd í Gráinne Holland agus tógadh í sáite i gcultúr na nGael agus san amhránaíocht in iarthar na cathrach.

D’fhás sí aníos i dtimpeallacht Ghaeilge agus Bhéarla agus í ag freastal ar an chéad bhunscoil Ghaeilge sa chathair, Bunscoil Phobal Feirste, áit ar cothaíodh an grá atá aici don amhránaíocht thraidisiúnta.

D’eisigh Gráinne a tríú halbam aici, ‘Corcra’, ina cathair dhúchais ar na mallaibh agus ó shin tá ceolchoirmeacha déanta aici i nDoire agus i nGlaschú.

Meascann d’amhráin Ghaeilge agus Bhéarla atá ar Corcra agus, den chéad uair, is amhráin Ghráinne féin iad uilig na hamhráin ar an albam.

D’oibrigh Gráinne le Brian Finnegan (léiritheoir an albaim) agus thaifead siad é i stiúdeo de chuid Séan Óg Graham a sheinn giotár air chomh maith. Bhí Brian Finnegan ag seinm na féadóige móire ar roinnt de na traiceanna fosta. 

Téigh go https://www.grainneholland.com chun éisteacht leis an tseoid seo de shaothar nua.

Close
Close