Dhá scannán Gaeilge ar fhadliosta na nGradam Oscar

Tá 'Rocky Ros Muc' ar fhadliosta na nGradam Oscar i rannóg na scannán fada faisnéise agus piocadh 'Song of Granite' mar rogha na hÉireann do scannán i dteanga iasachta.

Is faoin dornálaí Seán Ó Mainnín ó Ros Muc atá 'Rocky Ros Muc', fear a bhog go Bostún agus a throid do Chraobh Dhornálaíochta an Domhain in 1984. 

Tá ardmholadh faighte ag an scannán, déanta ag an chomhlacht Below the Radar, agus bhain sé gradaim ag Fleadh Scannán na Gaillimhe agus Fleadh na Scannán Éireannach i mBostún i mbliana.

Is faoi fhear eile as Conamara atá 'Song of Granite' a dhíríonn ar an amhránaí aitheanta sean-nóis Seosamh Ó hÉanaí, nó Joe Éinnú mar ab fhearr aithne air.

Is faoina shaol agus a shaothar atá an scannán, a bheas ag teacht go pictiúrlanna na hÉireann ar an 8ú Nollaig.  Ba é Pat Collins, an déantóir scannán a bhí mar stiúrthóir agus bhí sé léirithe ag an chomhlacht léiriúcháin Harvest Films.  

Labhair Meon Eile le Máire Bhreathnach, léiritheoir 'Rocky Ros Muc', agus le hEoghan Mac Giolla Bhríde, scríbhneoir 'Song of Granite', faoi na scannáin.

Close
Close