An Ciste Craoltóireachta Gaeilge: 20 bliain faoi bhláth

Cuireadh ócáid iontach ar siúl Dé Máirt i Halla na Cathrach i gcroílár Bhéal Feirste le ceiliúradh a dhéanamh ar 20 bliain den Chiste Craoltóireachta Gaeilge. Is eagras maoiniúcháin de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann é an Ciste agus tá sé ag tacú le hearnáil na craoltóireachta ó bhí 2005 ann.

Bhí an seomra ócáide lán go doras agus réimse leathan ionadaithe agus pearsana ó earnáil na meán Gaeilge i láthair, mar aon le cairde agus lucht tacaíochta.

Is é Tomaí Ó Conghaile a bhí ina fhear tí agus tugadh cuireadh do roinnt aíonna labhairt ar an stáitse faoi obair an Chiste Craoltóireachta i gcaitheamh na mblianta, sin agus faoi shaol na craoltóireachta trí chéile.

Bhí comhrá thar a bheith spreagúil le cluinstin idir Tomaí agus Rich Peppiatt, stiúrthóir an scannáin ‘Kneecap’, agus bhí plé painéil an-spéisiúil ann le hArd-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont, Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge Áine Walsh, an léiritheoir agus láithreoir aitheanta Máire Bhreathnach agus an stiúrthóir Damian McCann.

Chomh maith leis sin taispeánadh sampla de na léiriúcháin iontacha a bhfuil tacaíocht tugtha ag an Chiste Craoltóireachta dóibh ó bunaíodh é.

D'fhreastail Meon Eile ar an lá speisialta agus labhair muid le triúr a bhí ar an phainéal, is iad sin Áine Walsh, Alan Esslemont agus Damian McCann. Lena chois sin labhair muid le Karen Kirby, Feidhmeannach Coimisiúnaithe BBC Gaeilge, Róise Ní Bhaoil, Cathaoirleach an Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus Mary Claire Nic Uilliam, oiliúnaí ar scéim an Chiste. 

Déanann Meon Eile comhghairdeas ó chroí leis an Chiste faoin chloch mhíle stairiúil seo a bhaint amach.

Close
Close