10 mbliana de Slam Filíochta Liú Lúnasa

Tarraingíodh Gaeil ó achan chearn den tír chuig Dánlann Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, oíche Dé hAoine seo caite agus an 10ú Slam Filíochta de chuid Liú Lúnasa ar siúl.

Is ócáid bhliantúil í an Slam Filíochta a eagraítear mar chuid de chlár Liú Lúnasa, féile a dhéanann ceiliúradh ar chultúr imeallach na cathrach agus na tíre. Labhair Meon Eile le Sinéad Ní Uallacháin, atá mar bhean tí an Slam ón chéad bhliain ar eagraíodh é, agus le Caoimhe Ní Chathail, ionadaí Choiste Liú Lúnasa, a d’inis dúinn faoin imeacht agus faoin fhéile féin. 

Chuala na moltóirí agus an lucht féachána faoi réimse leathan ábhar, amhail bród LADTA+, scannail pholaitiúla, agus teacht Fhleadh Cheoil na hÉireann go Béal Feirste, ach ba é Eoin P. Ó Murchú a bhain an chéad áit amach lena dhán faoi na roghanna a bhíonn roimh achan duine sa tsaol. Agus é ag caint linn, rinne Eoin cur síos ar an dán agus an spreagadh taobh thiar de dúinn, agus mhol sé d’éinne atá ag smaoineamh ar dhul isteach sa chomórtas an deis a thapadh. 

Close
Close