‘Gonta’ le Alex Hijmans á sheoladh i mBéal Feirste

‘Gonta’ le Alex Hijmans á sheoladh i mBéal Feirste

Is ón Ísiltír é Alex Hijmans. Bhog sé go hÉirinn sa bhliain 1995, áit ar fhoghlaim sé an Ghaeilge. Chaith sé dhá bhliain déag in Éirinn sular shocraigh sé bogadh ar aghaidh. Is iriseoir agus údar é agus bíonn sé ag scríobh i mBéarla, i bPortaingéilis agus i nGaeilge. Faoi láthair tá sé ina chónaí sa Bhrasaíl ach tá áit speisialta ag Éirinn ina chroí i gcónaí.

D’fhoilsigh Cois Life a chéad leabhar ‘Favela’ sa bhliain 2009 agus ansin an t-úrscéal ‘Aiséirí sa bhliain 2011. Is é ‘Gonta’ an saothar is déanaí leis, cnuasach de 113 gearrscéal. Seoladh ‘Gonta’ sa Chultúrlann i mBéal Feirste Dé Máirt 13 Samhain, i nGailllimh 16 Samhain agus i mBaile Átha Cliath 17 Samhain.

Tá ‘Gonta’ le Alex Hijmans, chomh maith lena saothair eile, anois ar fáil i siopaí leabhar a bhfuil rannóg Ghaeilge acu nó tríd an idirlíon ó Cois Life agus litriocht.com.

‘Gonta’ le Alex Hijmans a sheoladh i mBéal Feirste / Sarah de Búrca
Close
Close