An tábhacht le spásanna sábháilte lenár mothúcháin a mhothú

Katie Saoidhbh McGreal

Blianta ó shin, dúirt mo mháthair liom gur mhothaigh mé rudaí ar bhealach an-domhain. Tá an ceart aici. Mothaím gach rud go domhain agus bím ag caoineadh go minic. Is minic a shíltear gur drochrud é sin agus bhí mo mháthair ag iarraidh orm stop a chur leis agus an cnaipe sin a chasadh as. Níl cnaipe ann, áfach, cé go ndeachaigh mé sa tóir air ar feadh na mblianta.  

Thóg mé an tuairim sin ar bord ar dtús. “Is drochrud iad mo chuid mothúchán” a dúirt mé liom féin go minic agus chreid mé é ar feadh i bhfad. Ach níor stop na deora, ní raibh ann ach gur scaoil mé leo nuair a bhí mé liom féin nó in áit éigin nach raibh aithne agam ar dhaoine: caiféanna, siopaí, McDonald’s sa tSín fiú. Gach uair a chaoin mé, bhí náire orm. Chreid mé gur drochrud a bhí ann.

Dé Luain seo caite, chaoin mé le duine a bhfuil aithne agam orthu le níos lú ná bliain agus thug siad barróg dom. Níor léirigh siad déistin ná gráin, díreach gur thug siad barróg dom agus lig siad dom labhairt. D’éist siad. Níor athraigh siad aon rud ach mhothaigh mé níos fearr ina dhiaidh.

Anois, tá mé ag smaoineamh nach iad na mothúcháin dhoimhne a bhí agam an fhadhb ach go raibh mé á mothú sna háiteanna míchearta.

Ní daoine iad mo thuismitheoirí a léiríonn mórán mhothúchán. Is cuimhin liom m’athair agus mo mháthair ag pógadh uair amháin. Níor dhúirt ceachtar acu liom riamh go raibh grá acu dom. B’fhéidir go bhfuair mé cúig bharróg uathu i rith mo shaoil.

Thuig mé ó bhí mé an-óg nach áit shábháilte é an baile le bheith ag caoineadh nó le bheith ag léiriú mothúchán. B’fhearr liom caoineadh ar an tsráid ag siúl áit éigin nó i gcaifé agus strainséirí thart orm.

Ach le míonna beaga anuas, bím ag freastal ar ionad ióga anseo in A Coruña agus is ann a d’fhoghlaim mé go bhfuil cead agam mo mhothúcháin a mhothú. Ní drochrudaí iad agus níl aon rud cearr liom nó leo, díreach roimhe seo go raibh mé ag iarraidh cabhair ar dhaoine nach raibh ábalta a bheith liom agus mé á mothú.

An rud atá i gceist le mothúcháin ná fuinneamh sa cholainn, fuinneamh atá ag iarraidh rud éigin a insint dúinn. Mar shampla, má tá brón ort tá an brón sin ag rá leat gur tharla rud éigin agus nach bhfuil tú sásta leis. Nó má bhíonn fearg ort, léiríonn sin duit gur tharla rud éigin nach bhfuil cothrom. Má ligeann muid dúinn féin na mothúcháin sin a mhothú, imíonn siad uainn, i ndiaidh dóibh ceacht éigin a mhúineadh dúinn nó rud éigin a thaispeáint dúinn.

Mar shampla, Dé Luain seo caite, bhí mé ag caoineadh mar go raibh brón orm. Níl caidreamh agam le mo mháthair agus b’in ba chúis leis an mbrón. Nuair a d’fhiafraigh duine orm céard a bhí ag cur as dom agus céard a bhí mé ag mothú, dúirt mé leis gur airigh mé mo mháthair uaim agus thosaigh mé ag caoineadh. Thug sé barróg dom agus lig sé dom a bheith brónach. Ní drochrud é ar ndóigh, díreach an mothúchán a bhí agam ag an am sin.

Muna mbraitheann muid ár mothúcháin, fanann siad ionann. Bíonn siad ann i gcónaí. Feiceann muid é go minic nuair a phléascann duine éigin agus neart feirge orthu. An rud atá tar éis tarlú go minic ná go raibh fearg orthu faoi rud eile agus níor phróiseáil siad é, agus mar sin de nuair a tharla eachtra eile a chuir fearg orthu, bhí mothúchán breise ann ar a bharr.

Mar sin, má bhíonn tú ag iarraidh do chuid mothúchán a mhothú nó a scaoileadh uait mar is ceart, mholfainn duit smaoineamh ar áit a mothaíonn tú compordach. B’fhéidir gur leat féin a bheidh tú nó b’fhéidir go bhfuil daoine i do shaol ar féidir leat a bheith oscailte leo. Bí airdeallach ar na háiteanna sin nó ar na daoine sin i do shaol agus ansin, an chéad uair eile a chaithfidh tú caoineadh, beidh a fhios agat cén áit ar féidir leat dul.

Close
Close