Cíorann Ciarán Ó Pronntaigh moladh an rialtais ó dheas go mbeidh scrúdú teanga mar chuid den phróiseas saoránachta sa stát
In amanna, tagann an Rialtas ar réiteach ar fhadhb nach ann di. Sin an rud atá i ndiaidh tarlú leis an mholadh go mbeadh teist teanga mar chuid lárnach den phróiseas saoránachta ó dheas. Mura n-éiríonn leat cumas labhartha a léiriú, i measc rudaí eile, diúltófar saoránacht duit, is cosúil. Teist i gcumas sa Bhéarla a bheas ann, go bunúsach, cé go luaitear an Ghaeilge mar iarsmaoineamh. Agus tá caint éigin ann faoi ‘eolas ar an Ghaeilge’ a bheith mar chuid den teist chomh maith ach tuigimid nach mbeidh aon bhrí leis sin.
Ar lámh amháin, tá an Rialtas ag iarraidh a thaispeáint go bhfuil siad dian ar an inimirce ag am a bhfuil guthanna an fhuatha ag láidriú. Beidh aisíoc sna botha vótála, bíodh geall. “Déanaimid an próiseas níos doilí do dhaoine atá ag teacht isteach sa tír saoránacht a bhaint amach agus thig linn a rá leis na ‘tírghráthóirí’ go bhfuil an Rialtas ag druidim an dorais” - sin an cineál smaointeoireachta atá i gceist.
Maítear go mbeidh buntáistí leis an pholasaí nua. Cuideoidh sé le comhtháthú sóisialta, dar le daoine áirithe. Ach an bhfuil seo fíor? Luaitear cás na Breataine ina bhfuil pobail mhóra a tháinig isteach ó na coilíneachtaí, ‘ar ais chuig an mháthairthír’ mar a dúirt na húdaráis leo. Bhí géarghá le hoibrithe i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus mealladh na céadta míle teacht agus lonnú ann. Ach ní gan freasúra a tharla seo agus ba mhinic a ionsaíodh na pobail nua seo ar bhonn ciníoch. Ní nach ionadh gur fhan na pobail nua seo ina gceantair féin agus gur labhair siad a dteanga féin le chéile.
Ní raibh coilíneachtaí ag Éirinn agus na daoine atá ag teacht chun na tíre seo sa lá inniu, tagann cuid mhór acu le post a fháil i gceann de na geilleagair is rathúla ar domhan. Tá sé deacair a shamhlú go mbeidh easpa Béarla ina chonstaic acusan, nó tagann mórchuid acu cionn is gur tír í ina labhraítear Béarla. An bhfuil duine ar bith ag rá go mbeidh pobail mhóra sa tír seo nach mbeidh Béarla acu agus tamall de bhlianta caite acu i dtír nach labhraítear mórán ach é?
Pobal amháin a fhanann dílis dá chuid traidisiún agus dá theanga féin na Sínigh atá lonnaithe sa tír seo ó bhí na seascaidí ann agus is cuid dhlúth de phobal na hÉireann iad anois cé nach mbeadh gach duine líofa i mBéarla.
Mar chainteoir Gaeilge, ní fheicim an fhadhb chéanna le hilchultúrachas agus a fheiceann daoine a bhíonn ag streachailt sa domhan seo gan ach an t-aon teanga amháin acu. Go deimhin, ba shuntasach an oiread den phobal nua a bhí amuigh ar na sráideanna le linn fheachtais An Dreama Dheirg thar na blianta. Ba iad a bhí i dtús cadhnaíochta, in amanna. Mar chuid de mhionlach, thuig siad go maith an tábhacht atá le teanga phobail. Comhtháthú sóisialta deonach faoi lán seoil!
Mar a dúirt mé, luaitear an Ghaeilge mar theanga a bhféadfaí an teist a dhéanamh inti ach cé chomh dáiríre is atá seo nuair nach dtagraítear d’aon mhodh le go dtiocfadh le daoine í a fhoghlaim? Is é fírinne an scéil nach bhfuil an Roinn Oideachais sásta freastal ar an éileamh atá ann cheana Gaeloideachas a chur ar fáil don phobal atá ina gcónaí anseo faoi láthair. Focail le gaoth atá ann, go cinnte.
Is cuimhin liom an t-am nuair nár sheas líofacht sa Ghaeilge mar chúis mór go leor le go bhfanfadh daoine sa tír seo. I mblianta tosaigh an chéid, díbríodh níos mó ná dalta amháin a bhí ag freastal ar Ghaelscoil. Tá na pobail nua oscailte don Ghaeilge, go háirithe má bhíonn páistí acu atá ag freastal ar Ghaelscoil. Dar leis an daonáireamh deireanach ó dheas, d’fhreagair 57,000 nua-Éireannach go raibh Gaeilge acu, figiúr atá ag teacht le 10% d’iomlán an phobail sin. An baolach go n-athróidh an scéal más gá d’inimircigh cromadh ar an Bhéarla?
Tá go leor fíricí le teacht amach faoin scéal seo go fóill agus tá súil agam nach mbeidh rudaí chomh dúr agus a fheiceann siad domsa. Idir an dá linn, ní dóigh liom go mbeidh mé liom féin ag mothú míchompordach faoin teist Bhéarla seo mar dhóigh le fáilte a chur roimh dhaoine chuig an tír Ghaelach seo.



