Eoin P. Ó Murchú
Le déanaí tá cúpla scéal náisiúnta faoi dhaoine mór le rá a chuir lámh ina mbás féin tar éis baint siar as pobal na tíre seo.
Deirtear go bhfuil geis ar chaint ar an meabhairshláinte in Éirinn fós.
Ó mo thaithí phearsanta mar fhear óg braithim go bhfuil an tabú seo ag imeacht as cuid mhór, ach i gcás na scéalta seo is minic gur deacair a aithint ar tharla.
Go rialta is gá tuiscint gur ionann ‘bás tragóideach anabaí’ agus ‘féinmharú’.
Cén fáth nach bhfuilimid sásta é a chur i bhfocail? Geis air fós, nó gan a bheith ag iarraidh masla a thabhairt d’anamnacha na marbh?
D’admhaigh an tríú cuid de dhaoine nach vótáilfidís do pholaiteoir a mbeadh a fhios acu dúlagar a bheith air nó uirthi.
Seans gur leor sin mar mhíniú, is é sin go bhfuil stiogma ag baint leis an meabhairshláinte ainneoin í a bheith pléite go mion minic ar an uile mheán ar an oileán seo.
Ardaíonn líon na ndaoine a chuireann lámh ina mbás féin nuair a scaiptear scéal faoi, ach go háirithe nuair a dheántar adhradh ar an duine nó laochas a chur i leith an ghnímh, leis.
Seans gur seo cuid den fáth, nach dteastaíonn ó dhaoine go ndéanfaí aithris orthu.
Is deacair foilseachán mac léinn, abair, a oscailt nach mbeadh alt ann ar ghné áirithe den mheabhairshláinte.
Is cinnte go bhfuiltear sásta trácht ar a leithéid seo i bhfad níos mó ná mar a bhí cheana. I mo chás féinig sa phríomhchathair níl aon amhras orm ach gur rud é a bhfuil daoine dulta i dtaithí caint ina thaobh.
Tá éagsúlacht mhór idir áiteanna áirithe sa tír mar sin féin.
Tarlaíonn trí oiread an méid féinmharaithe i gCorcaigh le hais cheantracha i mBÁC agus tá bearna mhór idir lucht na cathrach is lucht na tuaithe.
Le bliain anuas labhair cúlbáire an Chabháin agus iariománaí Chorcaí mar gheall ar na deacrachtaí a bhí acu go pearsanta leis an ngalar dubh agus le féinmharú. Cabhraíonn seo le beagán den stiogma úd a bhaint den cheist íogair seo.
Cé go luaitear alcól mar mhórfhadhb na hÉireann domhnach is dálach, ó thaobh na meabhairshláinte de ach go háirithe (bíonn ról ag alcól i níos mó ná leath de na daoine a chuireann lámh ina mbás féin), níl an rialtas sasta dúshlán thionscal an óil in Éirinn a thabhairt.
Má tá siad le creidiúint tá an spórt ag brath go mór ar fhógraíocht alcóil leis na cluichí móra a chur ar siúl, tá bailte beaga na tíre ag brath ar an teach tábhairne mar chroí an bhaile agus tá na deicheanna de mhílte ag brath ar an bpub dá bpostanna.
Ainneoin drochthionchar an dí tá polaiteoirí na tíre, tríd is tríd, róbhog ar fad le haghaidh a thabhairt ar an deoch mheisciúil. Os a choinne sin tá gníomh fónta amháin le tabhairt faoi deara anseo, is é sin go mbeidh íosphraghas ar alcól amach anseo agus ba chóir fáiltiú roimhe seo.
Ní chabhraíonn sé ach oiread ceapadh gur rud éigin sainniúil Éireannach é seo. Fadhb ilnáisiúnta í, agus fadhb nach féidir a réiteach go hiomlán.
Rinneadh stáidéar ar Éirinn, ar an nGearmáin, ar an bPortaingéil agus ar an Ungáir, agus as a measc sin Éire ba dhearfaí ó thaobh a dearcadh i leith an ghalair dhuibh.
Níorbh sinn ba mheasa ó thaobh cabhair a lorg ach oiread. Mar sin cé gur ann don fhadhb seo fós, tá dearcaí ina leith ag athrú de réir a chéile.
Cibé scéal é, beidh dream ann i gcónaí a chuirfidh lámh ina mbás féin ainneoin gach iarrachta ina aghaidh.
Cloistear an iliomad cainte is cardála ar an gceist seo ach céard is féidir leis an ngnáthdhuine déanamh? Seo thíos roinnt beart a bhfuil dealramh leo dar liom.
Togra ríspéisiúil é Bothanna na bhFear nó na Men’s Sheds.
Áiteanna oscailte is ea iad áiteanna ar féidir le fir teacht le chéile agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla; adhmadóireacht, miotalóireacht, athchóiriú seantroscán, ríomhairí is cluichí a imirt. Tugann sé deis do fhir de gach aois scileanna nua a fhoghlaim i dtimpeallacht chairdiúil.
Rud níos simplí fós, má tá tú buartha faoi chara leat nó níos tabhachtaí fós, duine nach bhfuil ina chara mór agat nó éinne seans, déan iarracht coinneáil i dteagmháil leo, spreag iad le páirt a ghlacadh sa spórt, nó pé rud eile a mbíonn do lucht aitheantais ag dul dó, agus bíodh líonra sóisialta ann dóibh más féidir in aon chor é.
Dar le 96% d’fhir óga táthar in ann stop a chur le féinmharú i roinnt cásanna ar a laghad. Anuas air sin tá an grúpa céanna sásta caint ar na fadhbanna seo.
Deirtear go gcaithfear scileanna éisteachta agus cumarsáide a fhorbairt. Déanaimis na scileanna sin a fhorbairt agus iarracht a dhéanamh gach éinne timpeall orainn a choinneáil linn, níl aon chostas ar an gcaint.
Is dochtúir sóisearach i mBaile Átha Cliath é Eoin P. Ó Murchú. Ní comhairle leighis aon chuid den eolas thuas. Má tá tú féin nó aon duine ar d’aithne faoi bhrú ag aon rud a luaitear thuas moltar duit dul i gcomhairle dochtúra nó duine oilte eile ina leith.
Má tá cabhair nó comhairle uait is féidir dul i dteagmháil leis na dreamanna seo a leanas: Na Samáraigh 1850-609090. Console 1800-201890. Aware 01-6617211.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag www.nsrf.ie agus ag www.mensshed.org