Jack Mac Íomhair
Beidh athruithe móra le teacht ar an chóras oideachais ó thuaidh i ndiaidh breithiúnas a tháinig ón Chúirt Uachtarach sa Ríocht Aontaithe maidir le hoideachas reiligiúnach ar scoileanna sna sé chontae.
Táthar fós ag fanacht ar threoir ón Roinn Oideachais faoi na himpleachtaí a bheas ann de bharr an chinnidh seo, ach sílfidh go leor gur dea-rud é.
Tá a fhios ag madaí na sráide an dochar is féidir le reiligiúin a dhéanamh ar chaidrimh anseo. Mar sin, nach mbeidh sé maith má leathnaíonn muid intinní daoine óga agus go bhfoghlaimeoidh siad faoi na difríochtaí agus na cosúlachtaí idir reiligiúin ar fud an domhain? In áit siollabas a bhí bunaithe ar an Bhíobla?
Tá an cás é féin iontach suimiúil, go háirithe agus níos mó daoine gan reiligiún sa lá atá inniu ann agus níos mó daoine ag teacht ó thíortha eile a bhfuil creidimh éagsúla acu.
Mar shochaí, níl muid fiú 30 bliain ar aghaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta agus cé go bhfuil síocháin againn, tá fós barraíocht atá lochtach sa tsochaí atá againn.
An dóigh a síltear go raibh siollabas - a bhí bunaithe ar an Bhíobla agus ar an adhradh coiteann - normálta, léiríonn sé sin ceann de na fadhbanna sin.
Níl ach 8% de pháistí sna sé chontae ag freastal ar scoil imeasctha. Cén dóigh a mbeidh an todhchaí difriúil ar aon bhealach mura ndéantar aon obair leis an chéad ghlúin eile chun dúshlán seandearcthaí agus claontachtaí a thabhairt.
Ní féidir linn neamhaird a thabhairt ar na círéibeacha ciníocha a bhí ag titim amach le linn an tsamhraidh ach oiread. Más rud é go raibh oideachas reiligiúnach ionchuimsitheach againn a bhí ag teagasc daoine óga faoi na reiligiúin seo atá ag daoine ó thíortha eile, an mbeadh daoine ag creidiúint na mbréag atá á scaipeadh fúthu?
Bheadh féidearthachtaí nach beag ann dá ndéanfaí athbhreithniú mar is cuí ar an chóras oideachais agus ar an dóigh a bpléitear le reiligiún mar chuid de.
Ar an drochuair, áfach, ní dócha go dtarlóidh sé sin agus an tAire reatha i bpost.
Tá brú ar leith ar Paul Givan faoi láthair. An chonspóid a bhaineann le páirc pheile ag Scoil Lios Neill i nDoire Trasna agus scoileanna eile ag titim as a chéile sa chathair agus ar fud fad na sé chontae.
A juncaed go hIosrael. Agus an dóigh gur chuir sé stop leis an iarracht scoil imeasctha a dhéanamh de scoil.
Ní bhíonn aon fhadhb ag daoine le creideamh má bhíonn sé á chleachtadh ag duine ar bith. Ach tá sé contúirteach nuair a bhíonn duine i ról ar leith ag rá go bhfuil siad ag iarraidh go gcloífeadh an córas oideachais leis an dearcadh atá acu féin den domhan.
Dúirt an tAire Paul Givan i ndiaidh an bhreithiúnais ón Chúirt go raibh sé ag iarraidh orthu siúd ó chúlra le creideamh a chur ar a suaimhneas mar Aire Oideachas, nach ligfidh sé dóibh siúd atá ag iarraidh an t-éiteas Críostaí a dhíbirt amach as na scoileanna.
In 2007 bhí Givan freagrach as rún a bhí ag iarraidh ar scoileanna i Lios na gCearrbhach, cruthaíochtachas a theagasc de rogha ar an éabhlóid.
Tá a fhios againn an dochar fosta a rinne Givan mar Aire Pobail nuair a chuir sé deireadh leis an scéim Líofa a thug deis do dhaoine óga dul chun na Gaeltachta.
Is féidir leis an bhreithiúnas seo a bheith ina chasadh dearfach do na sé chontae. Ach ar an drochuair, cosúil le haon fhorbairt san áit seo, beidh sé i ngreim Aire nach bhfuil aon ghrinnscrúdú déanta air.
Agus muid beagnach 30 bliain ar aghaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta nár cheart dúinn a bheith ag amharc orainn féin mar shochaí réamhbhreathnaitheach seachas mar shochaí iar-choimhlinte?



