Ciarán Ó Pronntaigh
Is minic a mhothaíonn lucht na Gaelscolaíochta mar aguisín sa chóras oideachais. Ar an imeall, an eisceacht, an rud sa bhreis a chuirtear isteach ag an bhomaite dheireanach. Tuigeann lucht na Gaeilge ó thuaidh é sin go maith nó chaith siad blianta fada ag troid gach céim den bhealach le haitheantas agus maoiniú ceart a fháil ó roinn a bhí naimhdeach ag an tús. Níl a fhios agam an gcuirfidh an polasaí nua maidir le Gaelscoileanna a d’eisigh Helen McEntee deireadh leis an tuairim sin.
Mar chuid de m’obair laethúil, bím ag caint go rialta le múinteoirí ar an dá thaobh den teorainn. Is oth liom a rá gurb é barúil a lán de na múinteoirí ó dheas go bhfuil siad taobh istigh de chóras a cruthaíodh le freastal ar an Bhéarla agus gur gá dóibh lúbadh agus síneadh le bheith istigh sa chóras sin in ionad é a bheith mar sprioc ag an Roinn Oideachais agus Óige go dteagascfaí an oiread daoine trí Ghaeilge agus is féidir.
Tuairim dhuairc, tuigim, ach tá daoine ann a rachaidh níos faide arís. Bhí mé ag seoladh leabhar nua Kerron Uí Luain (Cath Idir an Pobal agus an Murder Machine – Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023) ar na mallaibh agus níor chuir seisean fiacail ann, á rá gur oibrigh an Roinn Oideachais in éadan fhás na Gaelscolaíochta, in amanna, seachas tacaíocht a thabhairt di. Is doiligh a rá nach bhfuil an ceart aige má amharcaimid siar ar stair na Gaelscolaíochta.
Cá bhfuilimid anois leis an pholasaí nua a seoladh cúpla seachtain ó shin? Sa chéad dul síos is polasaí cuimsitheach atá ann a áiríonn réimse leathan de na gnéithe a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus fás na hearnála. Aithníonn sé go bhfuil sraith de thosca ann a threoraíonn ráth na Gaelscolaíochta, soláthar múinteoirí, mar shampla, nó áiseanna, cóiríocht agus caighdeán na teanga. Tá liosta le háireamh san éiceachóras seo ach má bhíonn ceann ar bith acu in easnamh nó lag, cuirfear srian ar fhás na nGaelscoileanna.
Léiríonn na figiúirí sa cháipéis nach bhfuil ach 6.8% de pháistí an stáit ag freastal ar bhunscoileanna Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Is figiúr suarach é seo agus tá figiúirí na n-iar-bhunscoileanna níos measa arís. Le fada an lá, ba é an pobal áitiúil a spreag bunú Gaelscoile i gceantar áirithe. Taispeánann an troid a bhí ar siúl le hiar-bhunscoil a bhunú i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ar na mallaibh go mbaineann streachailt leis an phróiseas sin go fóill. Níl aon easpa tacaíochta ann d’fhás na Gaelscolaíochta, mar a léiríonn suirbhéanna go mion minic. Caithfidh go luíonn an locht áit éigin eile…
Ceann de na rudaí is mó a léimeann amach as an pholasaí nua seo gur obair idir lámha atá ann níos mó ná plean le spriocanna réamhcheaptha. Beidh go leor de ag brath ar chomhairliúchán san am atá amach romhainn agus obair an tascfhórsa a thosóidh roimh dheireadh na bliana. Is iomaí tuisle ón lámh go dtí an béal. Cuir sin i gcomparáid le polasaí tumoideachais na Breataine Bige a bhfuil sprioc shoiléir aige scoileanna Breatnaise a dhéanamh de 40% de na scoileanna uilig sa tír faoin bhliain 2050.
Cé go bhfuil lucht na Gaeilge sásta go bhfuil, ar a laghad, ‘fís’ ag an Roinn sa deireadh faoi fhás na Gaelscolaíochta, ní mó ná sásta a bhí siad leis an easpa uaillmhéine atá sa cháipéis. I measc na n-eagraíochtaí oideachais agus Gaeilge a cháin laige an pholasaí bhí, An Foras Pátrúnachta, Gaeloideachas agus Conradh na Gaeilge. ‘Mair, a chapaill, agus gheobhair féar’ an cineál polasaí atá againn anois seachas plean leagtha amach go mbeidh líon áirithe Gaelscoileanna againn faoi dháta faoi leith.
Luaitear go gcaithfear airgead le cuidiú leis an phlean seo ach mura bhfuil a fhios againn cá mhéad Gaelscoil a bheas ann faoi cén dáta níl aon dualgas maoiniú faoi leith a chur ar fáil. Polasaí leanúnach seachas polasaí nua?
Mar a dúirt Pádraig Ó Duibhir as an Fhoras Pátrúnachta, is é an Gaeloideachas an dóigh is éifeachtaí le cainteoirí Gaeilge a dhéanamh de dhaltaí scoile. Dar leis go bhfuil an Roinn sásta gach rud a dhéanamh seachas plean a fhoilsiú a chuirfidh le soláthar na nGaelscoileanna. Go dtí go bhfeicfear gurb é sin an toradh a bheidh leis an pholasaí dhoiléir seo, beidh amhras ar lucht na Gaeilge nach bhfuil sa pholasaí seo ach sceach i mbéal bearna.
Tá Ciarán Ó Pronntaigh ina Bhainisteoir ar an Áisaonad i mBéal Feirste.



