Niamh Ní Ruadhagáin
Eagraíodh caint ar na mallaibh in Áras Uí Chonghaile, Béal Feirste, leis an údar, staraí, agus iar-Ardmhéara na cathrach, Tom Hartley, faoin leabhar úr atá scríofa aige, ‘The SS Al Rawdah’.
Ba long í an Al Rawdah a tógadh in 1911 mar chreatlach ach idir 1938 agus 1945 baineadh úsáid aisti mar bhunáit mhíleata agus long phríosúin inar cuireadh poblachtaigh agus imtheorannaithe na Sé Chontae.
Rinne Tom Hartley taighde ar leith don leabhar agus i láthair ar oíche na cainte, 85 bliain ar aghaidh, bhí baill teaghlaigh de chuid den 207 duine a chaith seal ar an long phríosúin.
Sa chaint agus sa leabhar, tugadh léargas ar chúrsaí polaitíochta an ama sin agus ar chinntí polasaí an rialtais a réitigh an bealach don tréimhse is faide d’imtheorannú sna Sé Chontae, agus scéalta agus saol na n-imtheorannaithe; cárb as iad, a dtréimhse ar an long phríosúin agus i bpríosúin eile, agus cén saol a bhí acu ina dhiaidh.
Tá an leabhar le fáil ar líne agus in An Ceathrú Póilí, Béal Feirste.


