Is cuisle na Gaeltachta iad na Coláistí Samhraidh

Dr. Niall Comer

Níl san alt is úire atá scríofa ag Victoria White san Irish Examiner ‘Sending kids west for Irish school pays lip service to the language’ (4 Lúnasa 2016) ach ionsaí eile ar an Ghaeilge agus béim an scríbhneora, a bhfuil clú uirthi as ailt dhiúltacha shéantacha a cheapadh i gcoinne na teanga, agus béim an uair seo ar cheann de na heispéiris oideachasúla is dearfaí, sultmhaire atá againn in Éirinn; na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht.

Is dáil Chúige de Chonradh na Gaeilge é Comhaltas Uladh a bhfuil cuid de na Coláistí Samhraidh is iomráití i dTír Chonaill bunaithe aige thar na blianta, a mbíonn suas le 2,000 ag freastal orthu achan bhliain, ó Rann na Feirste go Teileann, Loch an Iúir go dtí na Dúnaibh.

Tá cúrsaí an tsamhraidh seo anois faoi lánseol agus iad lán go doras, agus fiosruithe iarratais faighte cheana féin ó thuismitheoirí agus daltaí maidir le cúrsaí 2017. Tá éileamh ar na cúrsaí. Tá siad lán. Ach ní de dheasca, mar a dhéanann White iarracht é a mhíniú, gur seirbhís ‘cúram leanaí’ atá sna Coláistí.

De réir suirbhé neamhspleách a rinne Millward Brown ar son Chonradh na Gaeilge i mbliana, tugtar le fios go gcreideann 62% de dhaoine go bhfuil tuilleadh deiseanna de dhíth ar dhaoine óga chun an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den scoil – ní easaontaíonn ach 10% leis seo. Níl aon cheist ann ach go bhfreastalaíonn na Coláistí Samhraidh ar mhianta an 62% sin.

Tugann White dúshlán na gColáistí Samhraidh, idir údaracht agus bunús, agus é á mhaíomh aici go mbítear ag cur a gcuid páistí chuig “crios saorga ar mhaithe le heispéireas ar shaol agus ar theanga atá fágtha ar an trá fholamh againn don chuid is mó.”

Déanta na fírinne, cuireann na Coláistí Gaeilge a mhalairt ar fad ar fáil; réitíonn siad an bealach do pháistí agus do dhéagóirí taistil siar chun na Gaeltachta, áit inar féidir leo tuiscint a fháil ar chultúr agus ar theanga atá beo i dtimpeallacht shóisialta agus i gcomhthéacs pobail. Le linn mhíonna an tsamhraidh, is cuisle an iarthair iad na Coláistí Gaeilge.

Ar bhonn eacnamaíochta, mar is ceart le White a lua, is foinsí ríthábhachtacha ioncaim ar bhonn bliantúil iad na Coláistí Samhraidh, ioncam a mbíonn na mná tí agus teaghlaigh, mar aon le gnóthaí agus comhaltachtaí áitiúla, go minic ag bráth air.

Teipeann ar White an nasc seo a fheiceáil, go mbíonn na Coláistí go gníomhach agus go leanúnach ag fostú mhuintir na háite, idir óg agus aosta, mar cheannairí agus mar mhúinteoirí araon. Bíonn na pobail áitiúla rannpháirteach i reáchtáil na gcúrsaí fosta, agus ionadaithe go minic ar na coistí bainistíochta, agus mar sin, baineann siad tairbhe airgeadais ó aon infheistíocht náisiúnta; faigheann na daltaí cleachtadh laethúil ansin agus iad ag plé le cainteoirí dúchais sna coláistí.

Chuige sin, mar chuig de thuarascáil Rialtas in 2006 ar ábhar na hinfheistíochta Stáit seo, meastar go mealltar €1.50 ón earnáil phríobháideach ar achan €1.00 a chaitheann an Rialtas, rud a léiríonn gur gineadóir dearfach eacnamaíochta iad na Coláistí Samhraidh do na pobail Ghaeltachta, atá mar chuid de na pobail is imeallaithe ar an oileán.

Ceistíonn White an comhthéacs polaitiúil agus creidimh a bhíonn sna coláistí, agus í ag fiafraí “if it would it be out of the question to be an Ulster unionist and learn Irish at one of our Irish colleges” or “to go to Irish college if you’re not Irish.”

Tá freagra na gceisteanna sin soiléir – cuirtear fáilte roimh chách. Léiríonn freastal rialta, leanúnach na bpáistí siúd ó chúlraí a gcuirtear síos orthu go traidisiúnta mar ‘Aontachtach’ na mór-ghinéarluithe a dhéantar san alt seo. Is Oifigeach Forbartha Gaeilge í Linda Ervine in TURAS, Ionad Pobail Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste, mór-cheantar Protastúnach, agus níl aici ach cuimhní dearfacha ar a gcuid taithí ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht.

Agus cúrsaí tumoideachais Gaeilge curtha i gcrích ag Linda le hOideas Gael, Gael Linn agus ar Dioplóma Ollscoil Uladh, pléann Linda le heispéireas foghlama na Gaeltachta mar rud a bhíonn i gcónaí dearfach maith, agus í mar áit a gcuirtear fáilte mhór roimpi in ainneoin a cúlra pearsanta féin.

Le bheith soiléir – is coláistí idirghabhálacha iad. Bíonn iontráil oscailte acu.

Tá an Ghaeilge agus eispéireas na gColáistí Samhraidh ann agus ar fáil do chách, in ainneoin creidimh, cine, náisiúntachta, agus / nó cúlra polaitiúil. I mbliana, mar shampla, chuir roinnt de na coláistí fáilte roimh pháistí agus déagóirí ó réimse leathan tíortha, ó Shasana go dtí an Fhrainc, go Meiriceá, agus níos faide i gcéin arís.

Déanann léiriú White ar na coláistí samhraidh mar phócaí náisiúnachais, Caitliceachais, ginearálú ollmhór a dhéanann mífhaisnéis ar fhormhór na gcoláistí féin. Cuirtear seirbhísí eaglasta ar fáil do chách a n-iarrann ar na Coláistí iad, ar bhonn iomlán roghnach.

Ceoltar Amhrán na bhFiann, agus ar bhonn iomlán roghnach. Ní bhrúitear é ar dhuine ar bith, ná baol air. In áit sin, iarrtar ar achan duine meas a léiriú ar bhrat náisiúnta na hÉireann agus ar amhrán náisiúnta na hÉireann, iarratais chiallmhara, réasúnta a gheofaí i mbunús na dtíortha ar fud na cruinne.

Mhol Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, na Coláistí Samhraidh go mór agus é ag caint ar ghluaiseacht na Gaeilge in Áras an Uachtaráin níos luaithe i mbliana, a rá: “Tá neart againn le bheith mórtasach faoi… ó na mílte déagóir atá ag freastal ar choláistí samhraidh faoi láthair chuig an meon dearfach atá de shíor á léiriú ag an bpobal ginearálta i leith na teanga.”

Agus ní gá dúinn ach amharc ar na héachtaí atá bainte amach ag an bhanna Seo Linn, a d’fhás ó shíol a cuireadh i nGaeltacht Choláiste Lurgan, chun léargas a fháil ar chultúr agus ar thraidisiún nach bhfuil gafa sa stair, ach tá forásach, nua-aimseartha agus tarraingteacht do dhaoine óga.

In ainneoin an méid atá White ag maíomh, ofrálann na Coláistí samhraidh, mar aon le buntáistí iontacha oideachais agus pearsanta, deis do dhaoine óga bheith páirteach i roinnt de na tionscnaimh cheoil is spleodraí le blianta fada anuas, le breis agus 5 mhilliún amharc faighte ar an idirlíon.

Ní béalghrá atá i seanchleachtadh Gaeltachta na gColáistí Samhraidh, ach is eispéireas uileghabhálach, fáilteach, tairbhiúil agus sultmhar atá ar fáil. Chuaigh mise féin chun na Gaeltachta ag fás aníos dom; tá mo pháistí féin ar chúrsa ansin anois, agus tá siad a bhaint an oiread sin suilt as, nár mhaith leo teacht abhaile.

Dr. Niall Comer

Uachtarán, Comhaltas Uladh

Tánaiste, Conradh na Gaeilge

Close
Close