Dr Niall Comer - Uachtarán Chonradh na Gaeilge / Ollscoil Uladh
Tá go leor ráite sna meáin le roinnt laethanta anuas maidir le torthaí an daonáirimh a foilsíodh i rith na seachtaine seo caite.
Níl aon amhras gur cúis mhór imní atá sna figiúirí ina léirítear an chéad ladghú ar líon na gcainteoirí Gaeilge ó dheas ó bhí 1946 ann.
Tháinig laghdú de níos lú ná 1% ar líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu (ó 1,774,347 go 1,761,420), agus laghdú de 4% ar líon na ndaoine nach bhfuil sa chóras oideachais a bhíonn ag caint Gaeilge ar bhonn laethúil (ó 77,185 go 73,803), agus b’fhéidir gurb í seo an ghné is suntasaí de seo, gur tháinig titim de 11% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht (ó 23,175 go dtí 20,586).
Chuir Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, in iúl go mbaineann an titim seo go mór leis na “laghduithe suntasacha” i ndaonra na gceantar Gaeltachta agus “cúinsí eile” agus cé go bhfuil an ceart aige go bhfuil an scéal imithe in olcas de bharr na heisimirce éigeantaí, is léir don dall nach bhfuil ag éirí le cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30.
Baineann an teip seo go príomha leis an easpa infheistíochta ó Rialtas na hÉireann sa Straitéis ó 2010, agus ní mór dul i ngleic leis seo láithreach, óir tá cruachás agus géarchéim sna Gaeltachtaí dá bharr.
Ní féidir leis an Rialtas an neamart atá déanta aige sa Straitéis seo a shéanadh.
Is iondúil nuair a thugann Rialtas faoi straitéis nua in aon earnáil eile, ar nós na straitéise um fhorbairt tuaithe, go ndéantar measúnú ar an mhaoiniú atá riachtanach chun forálacha na straitéise a chur i bhfeidhm agus cuirtear buiséad agus acmhainní breise ar fáil dá bharr.
Ní dhearnadh é seo i gcás Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 agus ina theannta sin ghearr an Rialtas siar maoiniú ollmhór ón dá gníomhaire stáit ar a dtiteann an fhreagracht is mó leis an straitéis seo a chur i bhfeidhm (laghdaíodh buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ó 18 milliún in 2010 go €7 milliúin in 2016 agus laghdaíodh buiséad Fhoras na Gaeilge ó €18.2 milliúin in 2010 go €14.5 milliún in 2016).
Ar ndóigh, d’fhógair an tAire Stáit i rith na seachtaine go mbeadh maoiniu breise de €735,000 ag Údarás na Gaeltachta agus €115,000 ag Foras na Gaeilge san iomlán “chun cur ar a gcumas an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn” ach mhaithfí don té a déarfadh nach bhfuil oiread na fríde sa mhéid seo i gcomparáid leis an chineál infheistíochta atá riachtanach le dul i ngleic le meath na nGaeltachtaí.
Ní mór don Rialtas an dúshlan ollmhór atá léirithe i bhfigiúirí an daonáirimh a fhreagairt tríd an phlean infheistíochta atá aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a mhaoiniú mar is ceart, ach ina theannta sin, beidh comhoibriú ag teastáil ón phobal, ón Stát go ginearálta agus ó na hearnálacha príobháideacha agus deonacha chun cor dearfach a chur i gcinniúint na nGaeltachtaí
Cé gur ábhar imní atá sna figiúirí sa daonáireamh ó thaobh na Gaeilge de, tá ábhar dóchais ann.
Tháinig méadú de 8% ar líon na ndaoine a bhíonn ag baint úsáide as an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais ar bhonn seachtainiúil agus ní mór a thabhairt chun cuimhne an borradh ar chéatadán na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu ó níos lú ná 20% den daonra 100 bliain ó shin go beagnach níos lú 40% sa lá atá inniu ann, ardú a tháinig de bharr obair na hathbheochana agus in ainneoin neamart leanúnach rialtais na hÉireann.
Léiríonn na figiúirí seo thíos ó Chonradh na Gaeilge treochtaí áirithe sa daonáireamh, agus ardaítear go leor ceisteanna dá bharr.
Is suntasach gur tháinig an laghdú is mó ar líon na gcainteoirí Gaeilge san aoisghrúpa 25-34 (aois an bháid bháin) ach gur san aoisghrúpa 5-14 a tháinig an fás is mó (thuas), agus gur fás thar a bheith suntasach atá ann.
Tá an chuma air (thíos) gur sna ceantair Ghaeltachta nach bhfuil cathair iontu is mó a tháinig an laghdú i bpobal labhartha na teanga agus is féidir go dtacaíonn an léiriú seo leis an ghá atá leis an obair atá idir lámha sna limistéir phleanála teanga.
Cibé léamh a bhíonn ar an daonáireamh, áfach, is soiléir go bhfuil neamart á dhéanamh ar an Ghaeilge ar an leibhéal is airde agus is soiléire fós an gá le gníomhú air seo láithreach.