Katie Saoidhbh McGreal
Nuair a thagann daoine chugam ag iarraidh foghlaim faoin aireachas agus machnamh, labhraím leo faoi na cúiseanna a bhfuil suim acu ann anois agus nach raibh suim acu ann roimhe.
Deir cuid mhór acu go mbíonn deacrachtaí codalta acu. Ní sin an t-aon fháth a dtagann siad chugam ach is minic a thagann ceist an chodlata aníos.
Tá go leor buntáistí ag baint le bheith ag cleachtadh aireachais agus tá feabhas ar an gcodladh ar cheann acu go cinnte.
Bíonn na mílte smaoineamh againn gach lá. Ón am a ndúisíonn muid ar maidin tosaíonn muid ag smaoineamh faoin rud sin atá le déanamh, faoin duine sin a gcaithfimid labhairt leo, faoin gcruinniú go gcaithfimid freastal air, faoin rud atá le ceannach roimh dheireadh an lae. Tosaíonn ár smaointe go luath agus téann siad ar aghaidh gach uile nóiméad le linn an lae.
Ansin, bíonn am luí ann. Cuireann muid deireadh leis an scannán nó an clár teilifíse, scuabann muid ár bhfiacla, athraíonn muid ár n-éadaí agus téann muid isteach sa leaba, ag ceapadh gur féidir linn ár n-intinn a stopadh. I ndiaidh lá fada ag obair go crua, áfach, ag smaoineamh ar gach uile rud atáimid tar éis a dhéanamh, na rudaí nach raibh muid ábalta a dhéanamh, na botúin a rinneamar agus eile, ní go réidh a thitimid inár gcodladh i gcónaí.
Luíonn sé le ciall go mbíonn deacrachtaí codalta ag daoine sa lá atá inniu ann. Tá an domhain chomh gnóthach agus bímid ag breathnú ar nuacht ón domhan uilig an t-am ar fad. Bímid i gcónaí ag breathnú ar scáileáin agus ní bhíonn aon spás sa ghnáthshaol le sos a thógáil, le hanáil a tharraingt, agus díreach stopadh.
Deir an caipitleachas linn nach bhfuil aon mhaith ionann muna mbíonn rud éigin ar siúl againn le hairgead a shaothrú. Tá an cuid is mó dúinn i ndiaidh sin a thógáil isteach agus a chreidiúint. Ciallaíonn an dearcadh sin nach féidir linn sosanna a thógáil mar ní dhéanann tú brabús ná airgead le linn sosanna.
Tá mé féin ag cleachtadh aireachais le hos cionn deich mbliana agus tá go leor foghlamtha agam fúm féin agus faoin gcleachtadh. D’athraigh sé an caidreamh a bhí agam le sosanna, mo scíth a ligint agus codladh maith a fháil. Mar sin, tá cúpla moladh agam duit.
Deir siad go dtosaíonn oíche mhaith chodlata nuair a éiríonn tú ar maidin. Déan cinnte go dtéann tú taobh amuigh chomh luath agus is féidir leat ar maidin. Cabhraíonn sé le do rithim laethúil más féidir leat solas an lae, solas na gréine, agus aer úr a fháil chéad rud ar maidin.
An chéad rud eile ná nósanna a chruthú thart ar d’am codlata. Téigh a luí ag an am céanna gach lá le gur féidir le d’intinn agus do chorp dul i dtaithí ar bheith ag titim ina gcodladh ag an am sin gach lá. Ná bí ag úsáid d’fhóin ná scáileán ar bith sa seomra leapa agus, más féidir, ná breathnaigh nó úsáid scáileán ar feadh ar a laghad 20 nóiméad nó, níos fearr arís, uair an chloig sula dtéann tú a luí.
Má aithníonn tú go mbíonn go leor smaointe agat, go háirithe agus tú ag iarraidh dul a chodladh san oíche, scríobh síos iad. Cabhraíonn an dialannaíocht go mór na smaointe atá agat i do chloigeann a thógáil amach agus iad a chur ar pháipéar. Is féidir leis cabhrú freisin chun na smaointe sin a thuiscint agus ciall a bhaint astu. D’fhéadfá an cleachtadh seo a dhéanamh ag am ar bith sa lá, ach má aithníonn tú go mbíonn na smaointe agat le linn na hoíche, cabhróidh dialannaíocht go mór leis sin díreach roimh dul a luí san oíche. Go háirithe má bhíonn tú buartha faoi rudaí nó ag smaoineamh faoin rud céanna arís agus arís eile.
Agus ní fhéadfainn an t-alt seo a scríobh agus gan aireachas a lua! Cabhraíonn an t-aireachas linn na smaointe atá againn a mhoilliú síos agus a aithint. Mholfainn duit triail a bhaint as an aireachas a chleachtadh ar maidin agus san oíche roimh dul a chodladh.
Féach céard a oibríonn duitse. Uaireanta cabhraíonn sé linn tús níos síochánta a chur leis an lá, uaireanta eile cabhraíonn sé é a dhéanamh san oíche roimh dul a luí. Is gá duit na hamanna difriúla a thriail tú féin lena fháil amach céard is fearr a oibríonn duitse. Agus más suim leat, tá píosaí aireachais ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ar mo shuíomh idirlín anseo www.solasrelaxation.com/siopa
Go n-éirí leat feabhas a chur ar an gcodladh agus má bhíonn aon chomhairle uait riamh ní gá duit ach ríomphost a sheoladh go [email protected]. Ba bhreá liom cabhrú leat!



