Jack Mac Íomhair
Is minic a dhéantar magadh faoi ‘Seacht Lá Dhéag na Gaeilge’ ach cén fáth a bhfuil sé tábhachtach dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga arsa álainn?
Do go leor daoine a bhíonn ag obair nó páirteach i saol na teanga, is é ‘Seachtain na Gaeilge’ ceann de bhuaicphointí na bliana.
Téann stair na Seachtaine siar go 1902 nuair a chuir Conradh na Gaeilge tús leis an cheiliúradh. Bhí na spriocanna an uair sin mórán mar an gcéanna: is iad sin ná cur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail nach mbíonn teagmháil chomh minic sin acu léi.
Do chainteoirí Gaeilge ar fud na hoileáin, bíonn streachailt i gceist i gcónaí lenár dteanga: maidir le cearta, tithíocht sa Ghaeltacht, aitheantas reachtúil. Tá sé maith dúinn am a ghlacadh le hamharc siar ar an mhéid a baineadh amach, ach fosta, ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga í féin.
Le linn Sheachtain na Gaeilge, bíonn an iliomad rudaí ar fáil do gach cineál duine. Ciorcail chomhrá, ceardlanna, dianchúrsaí, imeachtaí spóirt… bíonn liosta chomh fada le mo lámh ann gach bliain.
Mar shampla, i gCultúrlann Uí Chanáin anseo i nDoire, tá muid i ndiaidh imeachtaí amhail tráth na gceist do mheánscoileanna agus imeacht ar Lá Domhanda na Leabhar le Mr Ando agus Máire Zepf, i measc cuid mhór imeachtaí eile, a sholáthar. Beidh muid ag cur deireadh lenár gceiliúradh le ceolchoirm leis an bhanna dinimiciúil atá ag dul ó neart go neart, Grooveline.
An rud is tábhachtaí dúinn le linn Sheachtain na Gaeilge, áfach, ná na foghlaimeoirí. Tá a fhios againne, muid atá sáite i ndomhan na Gaeilge, an t-atmaisféar agus an cairdeas a bhaineann leis an teanga. Tá sé an-deacair sin a mhíniú do dhuine nach raibh teagmháil ar bith acu leis an teanga agus leis an domhan sin roimhe.
Sin rud a dhéanann gach eagraíocht le linn SnaG. An t-eispéireas a bhí againn leis an teanga, a chothaigh grá don teanga ionainn, a roinnt leo siúd nach raibh an t-eispéireas sin acu go fóill.
Bhí mé féin i láthair ag imeacht inár thug muid amach suaitheantas ‘Cúpla Focal’ agus fáinní (bhí céilí ann agus cúpla deoch againn fosta, mar a dhéantar ag aon cheiliúradh ceart).
Chonaic mé bród ar aghaidh gach duine ar ar bronnadh suaitheantas an oíche sin. I ndiaidh domh labhairt le roinnt daoine faoin imeacht, luaigh siad an t-atmaisféar pobail a bhí ann. Is é sin sprioc Sheachtain na Gaeilge do roinnt eagraíochtaí: an grá agus an tiomantas don teanga a chothú i ndaoine.
Seo taithí eagraíochta amháin i gcathair amháin in Éirinn. Bíonn eagraíochtaí, gnóthaí, agus scoileanna ag cur imeachtaí dá leithéid ar fáil ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Agus tá daoine sna ceantracha seo ag mothú an ruda chéanna agus a spéis sa teanga á múscailt.
Cé go mbím féin ag spochadh as Seachtain na Gaeilge ar an ábhar gur coicís atá i gceist léi i ndáiríre, aithním an tábhacht a bhaineann léi. Bíonn sé deacair le linn na féile smaoineamh faoin tábhacht sin, go háirithe leis an mhéid imeachtaí a bhíonn ag titim amach lá go lá.
Ach mothaím féin gur fiú go mór an tréimhse a ghlacadh chun an Ghaeilge a cheiliúradh, ach le do thoil, a Chonradh na Gaeilge, ná cuir aon lá eile leis!



