Somhairle Mag Uidhir
'The Double Tap'. 'An buille dúbailte'. Frása fuarchúiseach, a thugann cluiche ríomhaireachta chun cuimhne — pointí breise do chruinneas an imreora thomhaiste.
Ach más manglam digiteach de dhathanna is d’uimhreacha a chaitheann Call of Duty amach ar an scáileán, is nead déanta as géaga, fuil agus brící an toradh ar an bhuille dhúbailte sa domhan réadúil ina maireann muid.
Is ionann é agus dhá bhuama a ligean anuas ar an áit chéanna, ag scaoileadh leis an dara ceann uair atá daoine pillte ar an tsuíomh ar lorg marthanóirí. I mbeagán focal, is coir chogaidh é.
Bhuail Stáit Aontaithe Mheiriceá buille dúbailte ar bhád i Muir Chairib ag deireadh 2025.
I ndeisceart na hIaráine, tá tuairiscí inchreidte ann gur buille dúbailte a bhuail scoil lán girseacha óga seachtain ó shin. Breis agus 165 shibhialtach marbh, ár eile in aois seo an áir.
Ar dtús, shéan Washington gurbh iad féin ná Iosrael a bhí ciontach. Anois tá Reuters ag tuairisciú go gcreideann fiosraitheoirí de chuid arm Mheiriceá gur iad féin a rinne é.
Go dtí seo maireann an ciúnas i measc lucht cumhachta an Iarthair faoi cé acu gur buille dúbailte a bhí i gceist nó nach raibh: is beag stór a chuirtear i bhfocal finnéithe a bhfuil dath donn ar a gcraiceann. Cibé ar bith, bíodh buillí dúbailte nó buillí aonaracha i gceist, cén bhrí a bhaineann le ‘coir chogaidh’ nuair is coir é an cogadh?
Ná cuirimis fiacal ann: is beart sceimhlitheoireachta fuilteach foréigneach atá in ionsaí SAM/Iosrael ar an Iaráin.
Níor fhoilsigh an Teach Bán aon fhianaise iontaofa go raibh an Iaráin ar tí aon ionsaí a dhéanamh – agus ní fhoilseoidh nó níl ann dó.
Sonraítear in achan tuairisc dháiríre go raibh an Iaráin i ndiaidh géilleadh a dhéanamh ar neart rudaí suntasacha san idirbheartaíocht a bhí ar siúl in Óman. Trump féin a mhaígh i Meitheamh na bliana seo caite go raibh áiseanna núicléacha na hIaráine scriosta acu.
Tá lagiarrachtaí ar bun fós ag sciar de lucht tráchtaireachta an Iarthair a chur ina luí orainn gur ar mhaithe le muintir na hIaráine a rinneadh an t-ionsaí seo. Déantar uasal le híseal orainn fá chomh holc is atá rialtas na hIaráine ach tost atá i réim nuair a tharraingítear an comhrá ar iarmhairtí an fheachtais buamála.
Mar a dúirt Azadeh Sobout, gníomhaí i mBéal Feirste arb as Tehran di, le RTÉ ar na mallaibh, ‘éilítear orainn roghnú idir deachtóireacht agus bombardú’.
Go dtí seo, dar le al-Jazeera, tá os cionn 1,300 maraithe sa bhombardú ‘fuascailteach’ seo. Figiúr beag, b’fhéidir, i gcomparáid leis an sléacht in Gaza (is léiriú é ar chomh creimthe is atá inneach na beatha sa lá atá inniu ann gur féidir a leithéid a scríobh).
Ach tá deacair dul thar fóir faoi chontúirt an chogaidh is déanaí sa Mheánoirthear. Tá uafás dochreidte ag fanacht linn mura gcuirtear stad leis.
Chuige sin, ná bímis ag fanacht le rialtais na hEorpa. Ba chóir gur leor an cinedhíothú ar mhuintir na Palaistíne, déanta ag Iosrael agus éascaithe ag na Stáit Aontaithe, le fíornádúr an Tí Bháin a chur in iúl do chách. Faraor, tá Rialtas na hÉireann go fóill ag diúltú focal chomh séimh le ‘mídhleathach’ a chur i leith an chogaidh seo. Agus tá léirithe ag an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc agus an Ghearmáin go seasfaidh siad le Meiriceá.
Tá Trump agus na diabhail dhílse thart air lánsásta an domhan a loiteadh le hiarracht a dhéanamh dul i ngleic leis na géarchéimeanna sa bhaile atá ag géarú leo – go háirithe na héagóracha Eipsteineacha.
Dúirt an smaointeoir frith-chóilíneach Julius Nyerere tráth, ‘Is stát aon-pháirtí é na Stáit Aontaithe chomh maith ach, le gnáth-gháifeacht Mheiriceá, is dhá aon-pháirtí atá acu.’ Mar a léiríodh sa chinedhíothú in Gaza, is tionscadal dépháirteach é impiriúlachas na Stát Aontaithe.
Mar is dual dóibh, tá na Daonlathaithe ag diúltú aon iarracht a dhéanamh deireadh a chur leis an chogadh. Tá ionsaí míleata á dhéanamh ar shean-namhaid ach is é Trump a bheas thíos leis an mhíshástacht i bpobal Mheiriceá faoi chogadh eile a thosú sa Mheánoirthear. Buille dúbailte dearfach é do na Daonlathaithe.
Tugaimis faoin ghluaiseacht frithchogaíochta a neartú in Éirinn thuaidh agus theas go luath. Dhiúltaigh an Spáinn cead do SAM a gcuid bunáiteanna a úsáid ina n-iarrachtaí buamála. Buille beag in éadan na ngríosóirí cogaidh, agus ba chóir dúinn cur ar son a leithéide in Éirinn – tá mí-úsáid scannalach á baint as Aerfort na Sionainne agus as Gearrán na Fearnóige i rith ama.
Buillí, buillí, buillí – buailimis féin buille marfach na muice ar fhórsaí fíochmhara, frithdhaonna na cruinne, sula mbuaile siadsan orainne é.



