Tá dhá uair gach mí atá sé cumhachtach searmanas gealaí a dhéanamh, is é sin nuair atá an ghealach lán agus nuair atá an ghealach dorcha (an ghealach nua).
Tá timthriall 28 lá ag an ngealach (an fad céanna le timthriall míosta na mban, ach is ábhar ailt eile é sin). Le linn na 28 lá den timthriall, téitear ón ngealach nua ar aghaidh go dtí an ghealach lán. Is le linn an dá thréimhse sin a mholtar dúinn cumhacht na gealaí a úsáid le searmanas a dhéanamh.
Bíonn an ghealach go hiomlán lán agus go hiomlán dorcha ar feadh tréimhse gairid: fanann cumhacht na gcéimeanna seo linn ar feadh trí lá roimhe agus trí lá ina dhiaidh.
Nuair a bhí mé ag fás aníos dúirt m’athair liom go mbíonn éifeacht ag an ngealach ar an taoide - bíonn sí ag tarraingt na taoide isteach agus amach. Nuair a chuir mé féin suim sa ghealach agus timthriall na gealaí, luigh sé le ciall liom go mbeadh éifeacht ag an ngealach orainne mar dhaoine freisin: tá an oiread sin uisce ionann is cinnte go mbeadh éifeacht aici orainne.
Nuair atá an ghealach dorcha, le linn chéim na gealaí nua, sin an t-am le síolta a chur le haghaidh na rudaí atá uait i do shaol. Mar shampla, má tá obair spraíúil uait, b’fhéidir go ndéanfá an rún ‘Cuirim fáilte roimh obair spraíúil a ligeann dom saol iontach a bheith agam’. Nó más rud é go bhfuil níos mó grá uait i do shaol, ‘tá mé oscailte do dhaoine grámhara agus d’eispéiris ghrámhara’.
Tá go leor bealaí le searmanas a dhéanamh leis an gcumhacht seo. An cur chuige atá agam féin ná déanaim cleachtadh aireachais gairid agus ligim dom féin smaoineamh ar an rud atá ag teastáil uaim. Deirim liom féin ‘cén cineál rúin ba cheart dom a dhéanamh faoi láthair?’ nó ‘céard atá uaim i mo shaol?’
Fanaim go dtí go mbíonn mo chuid smaointe níos ciúine agus ansin ligim don rún teacht chugam. Cibé rud a thagann aníos i mo chloigeann agus mé ag rá ‘céard atá uaim i mo shaol?’ go ciúin liom féin, scríobhaim síos é agus ansin dóim é (ar bhealach sábháilte, san aer taobh amuigh nó sa doirteal).
Ní gá searmanas fada nó mór a bheith agat, díreach rud éigin gairid agus suaimhneach agus feiliúnach duitse. Ní féidir leat é a dhéanamh mícheart.
I dtaca leis an ngealach lán, bíonn níos mó cainte ar an gcéim sin de ghnáth ach is dóigh gurb é sin toisc gur féidir linn an ghealach a fheiceáil nuair atá sí lán agus ní féidir agus í dorcha.
Faoin ngealach lán, rudaí a bhfuil muid réidh le scaoileadh leo, tagann siad chugainn níos láidre fiú. Mar shampla, b’fhéidir go bhfuil cairdeas agat atá ag cur strus ort. Le linn na lánghealaí, tá seans ann go gcuirfidh an cairdeas sin níos mó struis ort. Nó b’fhéidir go mothóidh tú brónach nó crosta le linn na céim seo. Ciallaíonn sin go bhfuil tú réidh scaoileadh leis na mothúcháin nó na rudaí sin as do shaol.
An uair seo tá an searmanas a dhéanaimse an-chosúil leis an searmanas don ghealach nua. Déanaim cleachtadh aireachais agus deirim liom féin ‘céard a bhfuil mé ag iarraidh scaoileadh leis?’ nó ‘céard a bhfuil mé réidh le scaoileadh leis?’ Sa bhealach céanna, ligim de mo chuid smaointe a bheith níos ciúine agus ligim do cibé rud atá ag iarraidh teacht aníos teacht chugam.
Ansin, scríobhaim síos é, agus arís dóim é nó scriosaim an píosa páipéir i cibé bealach a mothaím a bhfuil go maith domsa ag an nóiméad sin. Chomh maith leis sin, uaireanta ag an am sin den mhí, is maith liom dul ag snámh san fharraige le cabhrú leis an scaoileadh agus an glanadh.
Más rud é go mbaineann tú triail as aon chuid de na searmanais seo, ba breá liom cloisteáil faoi agus a fháil amach conas a d’éirigh leat! Cuir scéal go [email protected] agus abair liom!



