An Ghaeilge i lár an aonaigh sa troid i gcoinne an chiníochais

Seaghan Mac an tSionnaigh

Tá sé ina bhéas agam freastal ar mhórshiúlta riamh ó tháinig mé chun cónaithe i mBéal Feirste. Thit an mórshiúl ba mhó díobh go dtí seo amach Dé Céadaoin na seachtaine seo a d’imigh tharainn nuair a tionóladh le tacaíocht a thabhairt don ngluaiseacht Black Lives Matter. Ní rabhas ach tagtha ar an bhfód nuair a tháinig buachaillín óg ó leataobh an róid lena fhiafrú díom an raibh agam aon Ghaeilge. Bhí ceann tógtha aige de mo phóstaer Gaelach, agus thógas-sa ceann ansan den gheansaí Chill Chainnigh a bhí á chaitheamh aige. Thuig a mháthair dóthain dár gcomhrá le gáirí a dhéanamh faoin gcomhtharlúint gurbh ó Chill Chainnigh mé féin. ¡no pasarán! arsa í agus dlús á chur lenár bpáirtíocht aici.

Duine d'aoichainteoirí an lae ab ea an scríbhneoir Willetta Gabriell. Chuir a cuid focal i gcuimhne dúinn go léir go mbaineann cúlra coilíneach le stair na hÉireann chomh maith, agus gur sinne is túisce a thuigfeadh don éirí amach thall, ba dhóigh le duine. Bualadh bos forleathan a mheall an ráiteas seo ón lucht freastail Feirsteach.

Bhí imircigh den uile chineál ann, bhí ann Caitlicigh agus Protastúnaigh, daoine geala agus daoine gorma, bhíodar óg agus do bhíodar críonna. Thairis sin, bhí cainteoirí Gaeilge le fáil ó gach ceann de na catagóirí déimeagrafacha seo a bhí le feiscint agamsa. Tar éis d’óg-ghrianghrafadóir ó Oirthear Bhéal Feirste cead a lorg pictiúr de mo phóstaer a roinnt ar an gcóras giolcaireachta, d’fhógair sé go raibh tús curtha aige le cúrsa Gaeilge Duolingo ainneoin, a dúirt sé, nár bhain an teanga sin lena oidhreacht féin.

Ráinigh dom ansin comhrá Gaeilge a dhéanamh le ógbhean ghorm de bhunadh na cathrach, agus ghabhamair buíochas lena chéile as freastal a dhéanamh ar an ócáid. Ba é “seas le daoine gorma” mana a póstaeir féin agus tá féinín den mbeirt againn ag gabháil leis an alt seo.

Fé mar is dual do gach dea-mhílaoiseach, do bhí íomhánna mar iad á roinnt ar feadh an ama ar mo scéal Insta agam. Ba iad na híomhánna seo a bhí freagrach as troll feargach Trumpach ó mo lucht leanúna a mhealladh amach as a shuan brocach – agus isteach i mo chuid DMeanna, do shleamhnaigh. A d’iarraidh a chur ar mo shúile a bhí sé gur saothar in aisce é a bheith ag baint leas as an nGaeilge d’fhonn mo chuid pointí “liobrálacha” a dhéanamh ar na meáin shóisialta.

Ach is é an rud ná go bhfuil giolcanna Gaeilgeacha curtha amach ag an Trumpaire roimhe seo. Is é is cuspóir lena leithéid de chur chuige giolcaireachta ó Uachtarán reatha Mheiriceá ná plámás a dhéanamh lena lucht vótála a mbíonn claonadh acu féachaint ar an nGaeilge mar ghné ghinearálta de chultúr traidisiúnta an duine ghil. Samhlaíonn a leithéid de Ghael-Mheiriceánach gur féidir adhmad a bhaint as an teanga ar mhaithe le forlámhas na ndaoine geala a chosaint. Fíorshampla de leithghabháil Phoblachtánach a bheith á déanamh ar an nGaeilge! Bainim fíorthaitneamh as aon ábhar idirlín a bheadh sacrailéideach dar leis an aicme áirithe seo: is gá leas a bhaint as an nGaeilge chun dúshlán a thabhairt don chiníochas a bhaineann le roinnt den phobal Gael-Mheiriceánach.

Ní raibh ionadh dá laghad orm gur bhailigh mórshlua glórach ar shráideanna Bhéal Feirste ar an lá sin le cur i gcoinne an Trumpachais. Ach rith sé liom nár bheag an íoróin go mbeadh grúpa chomh éagsúil agus sinne ag cur aithne ar a chéile mar chuid de mhórshiúl míorúilteach nach dtarlódh in aon chor murach gníomhartha fealltacha an Trumpaire agus a chineáil.

Close
Close