Michelle Nic Pháidín
Tá buile trom buailte ag Uachtarán an Tí Bháin, Donald Trump, ar chúrsaí cultúir agus teanga i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an t-ordú tugtha aige teanga oifigiúil a dhéanamh den Bhéarla.
Is é an bhrí atá leis an ordú a rinne Trump ná go mbeadh rogha ag eagraíochtaí nó comhlachtaí Meiriceánacha atá i dteideal maoiniú ó chiste feidearálach na tíre seirbhisí nó cáipéisí a chur ar fáil i dteangacha eile seachas an Béarla as seo amach. Faoi láthair bíonn sé de dhualgas ar na heagraíochtaí sin freastal ar dhaoine atá ar bheagán Béarla.
Dar le Trump go bhfuil ciall leis an pholasaí ó thaobh na heacnamaíochta de, go mbeidh sé níos éifeachtaí agus go ndéanfaidh sé daoine a aontú trína bheith ag úsáid aon teanga amháin.
Tagann an t-ordú seo salach ar pholasaí a bhí i bhfeidhm sna heagraíochtaí le 25 bliana agus le linn an ama sin bhíodh sé de dhualgas ar eagraíochtaí tacaíocht teanga a chur ar fáil dóibh siúd nach raibh Béarla líofa acu. Is é Iar-Uachtarán SAM Bill Clinton a thug an polasaí seo isteach in 2000.
Le hordú nua Trump, beidh teanga oifigiúil ag na Stáit Aontaithe den chéad uair riamh ó bunaíodh an tír 250 bliain ó shin.
Tá go leor nach bhfuil sásta leis an chinneadh go háirithe de bharr go bhfuil an oiread sin daoine ó chúlraí éagsúla ina gcónaí i Meiriceá agus a dteangacha dúchasacha a n-úsáid acu go rialta. Tá aithne domhanda ar Mheiriceá mar thír a bhfuil éagsúlacht mhór cultúr agus daoine ann.
Deirtear go labhraítear 350 teanga i SAM, agus tá an Béarla, an Spáinnis, an Araibis agus an tSínis i measc na dteangacha is mó ann. Ó thaobh na gcultúr dúchais de, tá pobail labhartha Navachóise, Seiricise, Apáitsise, Dacótaise agus Iúpaicise ann, le cois teangacha eile.
Dúirt stúirthoir United We Dream, Anabel Mendoza, go mbeidh impleachtaí ag an chinneadh ar dhaoine ar mhaith leo bogadh go Meiriceá mar nach mbeidh daoine nach bhfuil líofacht Béarla acu ábalta cáipéisí a líonadh isteach nó plé le húdaráis ar a gcompord.
Dúirt Mendoza go raibh sise den bharúil nach raibh Trump ach ag iarraidh daoine saibhre bána a bhfuil Béarla acu cónaí i SAM.
“Lig dom a bheith soiléir,” a dúirt sí, “beidh inimircigh ag fanacht san áit a bhfuil siad.”
Is cinnte go mbeidh imní ar dhaoine atá ina gcónaí leo féin agus atá aosta roimh an gcinneadh mar go bhféadfadh sé go mbeadh deacrachtaí acu leis na húdaráis amach anseo muna dtig leo a dteanga féin a úsáid.
I ndáiríre, tá sé deacair go leor cáipéisí oifigiúila a líonadh isteach nuair a thuigeann tú an teanga atáthar á húsáid ach bheadh sé céad uair níos méasa muna dtuigfeá an teanga ar an fhoirm.
Beidh seo ina chnámh spairne gan dabht ar bith d’oifigigh atá ag obair i rannóga riaracháin comhlachtaí agus eagraíochtaí a dhéanann an cinneadh plé leis an Bhéarla amháin nó beidh go leor botún á ndéanamh ag daoine agus sprioc-amanna caillte de bharr míthuiscintí.
Anuas air sin, beidh tionchar aige ar theangacha mionlaigh agus d’fhéadfadh sé dochar a dhéanamh do go leor acu. Caithfidh daoine a bheith in ann plé leis an Stát ina dteanga féin. Muna bhfuil daoine ábalta a ngnóithe a dhéanamh ina dteanga féin leis na húdaráis ar bhonn laethúil, is cinnte go dtiocfaidh laghdú ar úsáid na teanga sin.
Tá luach ar leith ag baint le gach teanga ar dhroim an domhain. Tá tíreolaíocht, saibhreas teanga, stair agus oidhreacht neadaithe i bhfocail teangacha agus má bhaintear stádas díobh, beidh sé níos deacra an taoide a thiontú amach anseo.