Jack Mac Íomhair
Básanna. Tithe dóite. Samhlacha fuatha curtha ar thinte cnámh. Dóibh siúd a bhfuil taithí acu ar an dóú lá déag ó thuaidh, ní iontas iad na rudaí thuasluaite.
Gach bliain, daoine atá ina gcónaí sna sé chontae nach nglacann páirt sa cheiliúradh, bíonn siad cleachtaithe le fanacht sa teach nó, mar a dhéanann cuid mhór daoine, imíonn siad ar shiúl ar saoire.
Thosaigh ceiliúradh an dóú lá déag siar sa 18ú haois agus tháinig fás mór air ó shin i leith. Ar dtús ba chomóradh ar Chath Eachroma a bhí ann, ach níos déanaí san 18ú haois tháinig Cath na Bóinne chun cinn mar bhuaicphointe na féile.
Bíonn mórshiúlta i gcroílár na n-imeachtaí agus baineann go leor conspóide leo féin fosta. Ní gá ach amharc ar Dhroim Crí agus ar an Ormeau Íochtair chun léiriú a fháil ar an dóigh a raibh cúrsaí tráth. Tá feabhas tagtha ar an ghné seo den lá áfach, go háirithe ó tháinig Coimisiún na Mórshiúlta i bhfeidhm.
Agus cé go mbíonn roinnt iompraíochta frithshóisialta ag na mórshiúlta go fóill, tá obair ar bun chun dul i ngleic leis.
Sa lá atá inniu ann mar sin is é an rud is conspóidí faoin dóú lá déag ná na tinte cnámh a dhóitear an oíche roimhe (nó mar a bhí i mbliana in áiteanna, an oíche roimhe sin arís fiú).
Arís eile, tá obair ar bun chun dul i ngleic leis na breochairn scáfara seo agus rabhcháin bheaga a lasadh ina n-áit, rud atá níos sábháilte.
Ach in ainneoin na hoibre sin, tchítear fós na tinte cnámh ollmhóra lasta gach bliain. I mbliana fuair fear a bhí sna 40idí bás i ndiaidh dó titim de thine chnámh in Oirthear Bhéal Feirste. Tá dualgas ar cheannairí aontachtacha seasamh a ghlacadh chun daoine a choinneáil sábháilte ag na tinte cnámh.
Chonaic muid i mbliana fosta dhá theach iomlána scriosta ag tine in Inis Glas, in aice le Carraig Fhearghais, agus fear aosta agus a bhean chéile fágtha gan teach agus a gcuimhní scriosta de bharr na tine. Dúirt an fear, Davy Haighton, go raibh siad ina gcónaí ansin le 56 bliana.
Chomh maith leis sin, i nDoire, ag Tulach Aille, cuireadh dhá charr trí thine agus tá fiosrúchán ar bun ag na póilíní maidir lenar tharla.
Mar fhreagra ar na heachtraí seo, dúirt Jon Burrows, Ceannaire an UUP, nár chóir “quango” a chruthú chun na tinte cnámh a dhéanamh níos sábháilte ach go bhfuil bealaí ann cheana féin agus caithfear plé leo ar dhóigh níos fearr. Dúirt sé go bhfuil rannpháirtíocht luath de dhíth idir na póilíní agus na seirbhísí dóiteáin agus tógálaithe na dtinte cnámh, agus gur gá an dlí a chur i bhfeidhm má bhíonn fadhb ann le tine chnámh mar gheall ar an mhéid atá crochta air agus ar an áit a bhfuil sé.
Ach an oibreoidh aon chuid de na moltaí seo? Agus cad faoi na samhlacha fuatha a fheictear orthu gach bliain?
Tharla sé anuraidh gur lasadh tine chnámh ar shuíomh a raibh aispeist ann i nDeisceart Bhéal Feirste, agus bhí fós píosaí d’aispeist ar an suíomh i mbliana. Bhí anonn is anall ann maidir leis an tine chnámh áirithe seo agus níor cuireadh an dlí i bhfeidhm ar deireadh. Mar sin, cén dóigh is féidir forfheidhmiú a dhéanamh maidir leis na tinte cnámha trí chéile?
Agus an cheist nár fhreagair Burrows ná cad é mar a rachfaí i ngleic leis na tinte cnámh a mbíonn teachtaireachtaí fuatha orthu.
Lasadh an tine chnámh i Maigh gCaisil, Contae Thír Eoghain, go luath agus mosc ar a bharr. Chomh maith leis sin, chonacthas roinnt teachtaireachtaí frithimirceach agus frith-Ioslamach ar fud Bhéal Feirste, mar aon le samhlacha den bhanna Kneecap ar Phas Dhún na nGall sa chathair.
Agus an costas mór a bhaineann le hoícheanta an aonú lá déag agus an dóú lá déag, níl sé sin curtha san áireamh sa mhéid sin fiú. Fuair an tseirbhís dóiteáin sna sé chontae 303 glaoch éigeandála thar oíche ar an aonú lá déag. Bíonn costas £1,401,765 bainteach leis na hoibríochtaí póilíneachta ar an dóú lá déag, agus dúirt an Feidhmeannas Tithíochta sna sé chontae gur chaith siad níos mó ná £1.4m le ceithre bliana anuas ar an ghlanadh suas i ndiaidh na hoíche.
Is ann don cheist i gcónaí mar sin: mura gcuirfear an dlí i bhfeidhm mar is ceart, cá rachaidh muid as seo?



