An bhfuil scian curtha ag an DUP i scornach an Aontachtais?

Eoin Ó Murchú

Tá gach cosúlacht ann go bhfuil an DUP an-sásta leo féin, ag ceapadh go léiríonn a ndiongbháilteacht faoin Acht Teanga agus éilimh eile gur ag an DUP atá an chumhacht.

Ach an bhfuil an ceart acu faoin todhchaí?

An stáitín Protastúnach do Phobal Protastúnach atá ann?

Nó an gcinntíonn a ndiúltú gur laige an tAontas leis an mBreatain sa bhfadtéarma?

Dúirt an craoltóir Máirín Hurndall ar Facebook go raibh scian curtha ag an DUP i scornach na nAontachtóirí féin toisc go laghdaíonn pé seans a bhí ann go nglacfadh an pobal náisiúnach le Tuaisceart Éireann.

Mura féidir comh-urraim is cothrom na Féinne a bhaint amach i stát Thuaisceart Éireann, brúfar an t-éileamh ar Éirinn aontaithe mar nach mbeidh bealach ar bith ann le comhchearta a bhaint amach.

Agus má chreideann an DUP gur cuma sin, b’fhéidir gur cheart dóibh breathnú ar na figiúírí daonáirimh.

Tá na figiúirí sin cioraithe ag an eacnamaí David McWilliams, agus léirigh seisean in altanna san Irish Independent agus sa Belfast Telegraph go mbeidh móramh ag Caitlicigh ar Phrotastúnaigh i dTuaisceart Éireann faoin mbliain 2036.

Thuig iar-cheannaire an DUP, Peter Robinson, an méid sin nuair a dúirt sé ag comhdháil de chuid an DUP go raibh sé riachtanach go dtarraingeodh an tAontachtas tacaíocht ó Chaitlicigh don Aontas.

Agus bhí an fhéidearthacht sin ann, measaim.

Mar níl aon mheas mór, de réir mo thaithí féin, ag Náisiúnaithe ó thuaidh i gcoitinne do rialtas an Deiscirt.

Thréig rialtas tar éis rialtais iad, agus ansin chomhoibrigh siad le cur faoi chois an phobail Náisiúnaigh.

Ach bheadh comhurraim, cothromas saorántachta agus cearta eile riachtanach dá leithéid.

Agus sin é an faopach ina bhfuil an DUP.

Teastaíonn uathu go mbeadh an pobal Aontachtach in uachtar i gcónaí agus braitheann siad ar an gceangal le Sasana le sin a choinneáil.

Ach de réir mar a chailleann siad móramh sa daonra ní bheidh siad in ann an ceangal le Sasana a choinneáil gan tacaíocht ó Chaitlicigh.

Ní hamháin sin ach is é an t-am dóibh le margadh a dhéanamh ná anois, sula gcailleann siad an móramh.

Agus ní le Sasana nó leis an Deisceart atá an margadh sin le déanamh ach lena gcomharsana Caitliceacha sa Tuaisceart.

Le bheith cothrom, tá leid tugtha ag Arlene Foster go dtuigeann sí gur neamhbhuan é an chumhacht atá ag an DUP faoi láthair.

Sea, tá rialtas Westminster ag brath ar a gcuid vótaí, ach ní mhairfidh sin toghchán eile – go háirithe má éiríonn le Jeremy Corbyn, cara le hÉirinn agus le Sinn Féin, an bua a fháil as smionagar an Pháirtí Chaomhaigh mar gheall ar Bhreatimeacht.

Bhí alt spéisiúil eile ann sa Belfast Telegraph ó Ian Gosling a deir go gcaithfidh Aontachtóirí iad féin a chur in oiriúint anois d'athaontú na hÉireann a d’fhéadfadh a bheith dosheachanta cheana.

Ach níl aon iarracht ar siúl go forleathan réadúlacht na todhchaí a chur in iul don phobal Aontachtach i gcoitinne, agus cinnte ní dhearna Arlene Foster ná an DUP aon iarracht a lucht tacaíochta féin a chur ar an eólas faoin gcomhghéilleadh a bhí le déanamh agus cén fáth.

Ghéill Ian Paisley agus an DUP i gCill Rímhinn nuair a bagraíodh orthu go mbeadh comh-údarás ar an Tuaisceart ag Sasana agus ag an bPoblacht, ceal réitigh faoi Stormont.

Is ar éigean gur féidir le rialtas reatha Westminster an bhagairt chéanna a dhéanamh – faoi láthair ar aon chuma.

Ach tá tacaíocht Bhaile Átha Cliath ag teastáil ó Westminster má tá siad le socrú bog ar bith a bhaint amach leis an Aontas Eorpach.

Má deir Leo Varadkar go bhfuil praghas le híoc ar an dtacaíocht sin beidh rogha dheacair cinnte le déanamh ag Theresa May.

Bhí an ceart ag Foster nuair a dúirt sí nach mairfeadh cumhacht an DUP ar rialtas Westminster go deo, ach b’fhéidir nach mairfidh sé chomh fada is a cheapann Nigel Dodds is a chomhghleacaithe thall.

Is é an rud is seafóidí faoi seo uilig ar ndóigh ná nach rud Caitliceach nó náisiúnach ann féin an Ghaeilge.

Go deimhin go stairiúil dhein na Preispitéirigh níos mó ná eaglais ar bith eile le leas a bhaint as Gaeilge in Éirinn.

Agus ní lú Briotanachas na hAlban ná na Breataine Bige toisc go bhfuil achtanna teangan acu.

Ach tá ionadaithe an phobail aontachtaigh, an DUP agus an UUP, dallaithe ag a seachran intinne gur leo an stát de cheart.

Beidh sé níos géire ag deireadh an lae nuair a dheineann siad an comhghéilleadh a bheidh le déanamh ag deireadh thiar.

Close
Close