Le breis agus 100,000 duine óga fud fad na hÉireann ag tabhairt faoi scrúduithe stáit an samhradh seo, idir an dá chóras ar dhá thaobh na teorann, cé acu is fearr: A-Leibhéil an Tuaiscirt nó Ardteistiméireacht na Poblachta?
Tá aimsir na scrúduithe linn agus tá thart ar 30,000 dalta ag tabhairt faoi A-Leibhéil sa Tuaisceart, agus sa Deisceart tá beagnach 72,000 ag dul don Ardteist. Seo iad na scrúduithe is mó dá saol go dtí seo agus cé go bhfuil an brú céanna i gceist, tá a gcur i bhfeidhm an-difriúil ar fad.
I mbliana, thosaigh scrúduithe A-Leibhéil thart faoin 11 Bealtaine agus cuirfear i gcríoch iad faoin 19 Meitheamh. Tá amchlár na hArdteiste níos giorra, ag tosnú ar 3 Meitheamh agus ag críochnú faoin 23 Meitheamh.
Ó thaobh na réimsí staidéir de, déanann daltaí A-Leibhéil staidéar ar thrí nó ceithre ábhar thar thréimhse dhá bhliain. Bíonn seacht n-ábhar i gceist san Ardteist de ghnáth, a mhúintear i rith tréimhse dhá bhliain fosta.
Níl aon ábhar riachtanach A-Leibhéil ann. Roghnaíonn daltaí trí ábhar ar a laghad a thaitníonn leo, agus táthar ann a dhéanann ceithre ábhar nó níos mó i gcásanna speisialta. Caithfidh gach aon dalta atá ag tabhairt faoin Ardteist, áfach, Béarla, Gaeilge agus Mata a dhéanamh mura bhfuil díolúine acu, chomh maith le ceithre ábhar eile ar a laghad.
Ó thaobh rogha ábhar de, bíonn sé difriúil ó scoil amháin go scoil eile, sa Tuaisceart agus sa Deisceart araon. Chun léargas a thabhairt ar an réimse, bhí thart ar 35 scrúdú ar ábhair éagsúla ar siúl ar amchlár scrúdaithe na hArdteiste 2026 i gcomparáid leis na 85 ábhar éagsúla sa Ríocht Aontaithe.
Dar ndóigh, níl go leor múinteoirí ar fáil i ngach scoil chun 35 nó 85 ábhar a mhúineadh. Má tá dalta ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar ábhar faoi leith nach bhfuil ar fáil ina scoil, is féidir leo tabhairt faoi go neamhspleách.
Nuair a roghnaíonn daltaí na cúrsaí a mbeidh siad ag díriú orthu, bíonn réimse níos leithne ábhar san Ardteist mar gheall go mbíonn seacht n-ábhar á ndéanamh acu. Mar thoradh air sin, bíonn níos mó roghanna ag daoine agus iad ag cur isteach ar chúrsaí ollscoile.
I gcóras an Tuaiscirt, bíonn sé ina bhuntáiste ag scoláirí fios a bheith acu cén cúrsa ollscoile ar mhaith leo staidéar a dhéanamh air agus iad ag roghnú na n-ábhar meánscoile, mar gheall go mbíonn disciplíní acadúla áirithe riachtanach faoi choinne cúrsa ollscoile faoi leith.
Ó thaobh na dtorthaí de, ní féidir comparáid dhíreach a dhéanamh idir an dá chóras. Is córais agus modhanna measúnaithe éagsúla iad beirt. Úsáideann an CAO córas pointí na hArdteiste, agus sa Tuaisceart déantar tairiscintí ollscoile bunaithe ar ghráid A-Leibhéil ar UCAS.
Maidir leis an chóras oideachais ghinearálta, ar roinnt táscairí oideachais amhail cáilíochtaí dara leibhéal, éiríonn níos fearr le foghlaimeoirí sa Tuaisceart. Ag an am chéanna, tá ráta níos airde de dhaoine a fhágann an scoil go luath ann – 14% sa Phoblacht in aghaidh 6% sa Tuaisceart de réir AgendaNI.
Is ionann an córas oideachais sa Tuaisceart agus an córas sa Deisceart sa dóigh is go dtéann muid uilig isteach sna hinstitúidí oideachais thart ar cheithre bliana d’aois, agus tagann muid amach nuair atá muid thart ar 17 mbliana d’aois. Téann na céadta míle fríd an chóras seo gach bliain agus oireann sé go maith do dhaoine. Oireann sé don tsochaí – ullmhaíonn sé muid don choláiste, le céim a bhaint amach, le hairgead a shaothrú, chun cur leis an gheilleagar agus leis an tsochaí. Aithníonn muid go bhfuil buntáistí ag baint leis, agus gurb é sin an cultúr atá i bhfeidhm le fada, agus ar fud an domhain.
Aithníonn muid go maith fosta go bhfuil drochthionchar suntasach ag baint leis. I suirbhéanna a rinneadh sa Tuaisceart agus sa Deisceart, thuairiscigh níos mó ná 50% de scoláirí a bhí ag tabhairt faoi scrúduithe gur tháinig meath tromchúiseach ar a sláinte intinne agus ar a sláinte fhisiciúil.
Mar sin, cé acu córas is fearr? Tá an dá chóras thar a bheith doiligh, agus tagann brú millteanach agus drochéifeachtaí ar mheabhairshláinte leo. Ach, cibé taobh den teorainn ar a bhfuil muid, caithfear a bheith déanta.
Má tá fís shoiléir ag scoláire maidir lena ghairm bheatha, is féidir go n-oireann A-Leibhéil níos fearr dóibh. Ach má tá siad fós ag fiosrú a gcuid spéiseanna, tugann an Ardteist réimse níos leithne roghanna. Dá bhrí sin, ní ceist í cé acu córas is fearr go huilíoch, ach cé acu córas is fearr don scoláire aonair.
Níl ceachtar acu foirfe. Is rud thar a bheith deacair iad scrúduithe. Bhí, tá agus beidh. Ní féidir córas chomh teann seo a bheith oiriúnach do dhream scoláirí chomh leathan is atá sé. Mar sin, cad is féidir linn a dhéanamh ach sult a bhaint as an ghrian a thagann gach uile bhliain nuair a bhíonn na scrúduithe ar siúl; aimsir na scrúduithe – é sin agus coinnle a lasadh. Mar a deir an seanfhocal ‘Is leor ó Mhór a dícheall’.



