Solas ar na Dumhchannaí: Aistí i gcuimhne ar Mhuiris Ó Meara

Foilsíodh an leabhar ‘Solas ar na Dumhchannaí: Aistí i gcuimhne ar Mhuiris Ó Meara’ ag Oireachtas na Samhna i mbliana.

Bhásaigh an scoláire agus an scríbhneoir óg i Meitheamh 2014 i ndiaidh tinneas gairid agus gan é ach 42 bliain d’aois.

Is iad an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Siún Ní Dhuinn, léachtóir in Ollscoil Mhá Nuad, a chuir an leabhar in eagar in ómós dá gcara dílís Muiris.

D’iarr siad ar chairde agus ar iar-léachtóirí Mhuiris aistí acadúla a sholáthar don leabhar.

“Tugann na haistí le fios na réimsí spéise a bhí ag Muiris féin; an scannánaíocht, an amhránaíocht, an fhilíocht, Cumann Lúthchleas Gael agus an chritic chultúrtha,” arsa na heagarthóirí.

Solas ar na Dumhchannaí: Aistí i gcuimhne ar Mhuiris Ó Meara

Scríobh Muiris ailt agus léirmheasanna faoi réimse leathan ábhar, chomh maith le filíocht agus gearrscéalta.

Foilsíodh cuid mhór dá shaothar sna irisí Comhar agus Feasta agus chuaigh a shaothar cruthaitheach agus critice go mór i bhfeidhm ar daoine.

Is í Áine Ní Bhreisleáin, craoltóir le Raidió na Gaeltachta agus cara mór le Muiris, a sheol an leabhar ag ócáid speisialta ag Oireachtas na Samhna ag tús na míosa seo.

Bhí teaghlach Mhuiris, a chairde agus a iar-léachtóirí i measc an scaifte a bhí i láthair ag an seoladh.

Ba í Sinéad Ní Uallacháin a rinne an dearthóireacht ar an leabhar.

Tá na táillí ar fad a bheadh ag dul go dtí na scríbhneoirí agus an dearthóir le bronnadh ar Chumann Ailse na hÉireann.

Close
Close