Tuairimí ón Teorainn : Tim agus Helena Mullins

Tá an Breatimeacht ag teannadh linn agus éiginnteacht faoin todhchaí ag cur imní ar chuid mhór daoine.

Sa tsraith seo, labhraíonn Meon Eile le daoine ar dhá thaobh na teorann faoi na himpleachtaí a bheidh ag Brexit daofa.

Beirt acu sin ná Tim agus Helena Mullins.

Is le Tim Mullins an teach lóistín Glen Gat House i nDún Dealgán agus d'fhás a iníon Helena aníos ann.

Tá ag éirí go maith leis an ghnó teaghlaigh, go háirithe le roinnt blianta anuas. Ach an mbeidh Glen Gat House agus Dún Dealgan i mbaol ó impleachtaí an Bhreatimeachta?

Labhair Meon Eile le Tim agus Helena Mullins faoin tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag Brexit ar thodhchaí an ghnó agus an bhaile ... 

Close
Close