Tríd an Dorchadas - Pádraig Schäler

Tá muid ag dul ó chósta go cósta ar* ‘Tríd an Dorchadas’* an tseachtain seo le ghrúpa atá ag báilliú airgead ar mhaithe lena gcara Pádraig Schäler.

Bhí Padraig Schäler ag taisteal ar víosa J1 anuaraidh i Cape Cod nuair a bhuail veain é agus é ag rothaíocht chun na hoibre. Gortaíodh go holc é agus tá sé ina thámhshuan ó shín.

Bhí Padraig tar éis céim ollscoile a chríochnú i gColáiste na Tríonóide sular d’imigh sé ag taisteal. Fear deas, cairdúil is ea é, a bhí thar a bheith gníomhnach i gCumann Gaelach na hollscoile le linn a laethanta ar an choláiste.

As siocair gur ghortaíodh inchinn Phádraig, chinn a theaghlach go gcuirfeadh siad é chuig otharlann spéisialta sa Ghearmáin ionas go mbeadh cúram cuí a dhéanamh air. Le himeacht beagnach deich mí, tá Padraig go fóill ina thámhshuan.

Deir deirfiúr s’aige fiú go bhfuil biseach mall ag teacht air. “Tá muid dearfach agus dóchasach go dtiocfaidh sé chuige féin céim ar chéim.”

Cé go bhfuil Pádraig ag fáil cóir leigheas sa Ghearmáin, tá costas na córa ag cur go trom ar a theaghlach. Bhí costais €12,000 ar an inghearáin a thug chun na Gearmáine é.

Bhí a chairde ag iarraidh cuidiú lena theaghlach agus a gcara Pádraig agus mar sin cuireadh tús le coiste chun airgead a bhailiú ar a son.

Bhí ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill ar an turas leo agus iad ag taisteal timpeall na tíre ag snámh ar mhaithe Phádraig. Báilíodh €27,000 agus tá an fhigiúr sin ag dul i mhéid i rith ama.

Is féidir airgead a dheonú ar mhaithe Phádraig tríd cliceáil ar an nasc thíos.

Tríd an Dorchadas - Pádraig Schaler
Close
Close