Tríd an Dorchadas - Mary Logue

Tríd an Dorchadas - Mary Logue

Cuireann muid tús le sraith úr darb ainm ‘Tríd an Dorchadas’ inniu ar Meon Eile. Sa tsraith seo cluineann muid ó dhaoine áirithe a chuaigh trí chruachas ach a tháinig tríd an dorchadas agus a fuair faoiseamh as an saol arís.

Inniu tá scéal Mary Logue againn. D’fhás Mary aníos i Loch an Iúir i gcroílár na Gaeltachta, áit ar phós sí a fear céile Michael agus an áit ar thóg siad a dteaghlach féin, Darragh, Caolán agus an gasúr is óige Erin.

Bhí siad sona sasta agus saol maith acu ach d’athraigh rudaí sa bhliain 2006, nuair a fuair siad amach go raibh ailse ar Erin, agus é san inchinn aige.

Ní raibh a fhios acu cad a bhí amach rompu agus níos measa arís cad a bhí i ndán dá bpáiste. Fuair siad a lán tacaíochta agus cuidiú óna dteaghlaigh agus a gcuid cairde thar an dá bhliain a bhí Erin tinn.

Dar le Mary gurb é rud a chuidigh go mór le hErin agus iad sin mar theaglach ná ‘Make a Wish’. Grúpa é seo a oibríonn le páistí atá iontach tinn trí mhian an pháiste a chomhlíonadh.

An mhian a bhí ag Erin ná go raibh sé ag iarraidh a bheith ina ridire agus go raibh sé ag iarraidh madadh bheith aige. Sin an rud a fuair sé nuair a thóg ‘Make a Wish’ an teaghlach uilig go baile Dhún na nGall don deireadh seachtaine, cuimhní nach ndéanfaidh siad dearmad orthu go deo.

Ar an drochuair i ndiaidh troid fhada, fuair Erin bás in 2008 agus na teaghlaigh chomh maith le pobal na Rosann fágtha croí briste.

Dúirt Mary gur chuidigh an pobal agus a creideamh go mór léi. Luaigh sí fosta an tábhacht a bhaineann leis an champa Barretstown agus an tsár-obair atá á déanamh acu ansin.

Chuaigh an teaghlach go Barretstown i ndiaidh bhás Erin agus bhí an chomhairle, an tacaíocht agus an cairdeas a fuair siad ansin dóchreidte ar fad.

Ní bheidh an saol mar an gcéanna ag Mary agus a teaghlach arís ach tá sí ag iarraidh anois rud inteacht a thabhairt ar ais agus cuidiú le daoine a chuaigh tríd chás cosúil léi féin agus í ag súil dul go Barretstown mar oibrí deonach.

Fríd an Dorchadas - Mary Logue
Close
Close