Tá an tsraith ’Tríd an Dorchadas’ ar ais an tseachtain seo ar Meon Eile.
Sa tsraith seo cluineann muid ó dhaoine áirithe a chuaigh trí chruachas ach a tháinig tríd an dorchadas agus a fuair faoiseamh as an saol arís.
Inniu tá ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill i mBaile Átha Claith agus i mbun comhra le hAlice Ní Fhlanagáin.
Labhraíonn Alice leis faoin dúlagair agus féindochar agus an dóigh ar tháinig sí tríd an am dorcha sin ina saol.
D’fhás Alice aníos i mbaile beag darb ainm Anagaire i nGaeltacht Thír Chonaill. Is í an duine is sine de bheirt clainne.
Dúirt sí féin go raibh saol iontach aici agus í ag fás aníos. Bhí athair agus máthair aici a bhí iontach go deo maith di agus dúirt sí nach raibh sí gann ar a dhath agus í ag fás aníos.
Nuair a bhí Alice thart ar aon bhliain déag d’aois d’athraigh rudaí dithe agus ní raibh a fhios aici cad chuige.
Dúirt Alice í féin go raibh coimhlint ag gabháil ar aghaidh ina hintinn, go raibh go leor rudaí nach raibh ag déanamh ciall di agus go raibh go leor ceisteanna aici fuithi féin ach ní raibh na freagraí aici.
“Shíl mé nach raibh mé ariamh maith go leor. Shíl mé nach mbeadh duine ar bith ag iarraidh bheith thart orm,” ar sise.
Cé go raibh teaglach maith aici agus cairde ar dóigh, choinnigh Alice na smaointe dorcha seo aici féin ar feadh roinnt blianta.
Tháinig frustrachas uirthi agus thosigh sí á gortú féin le faoiseamh a fháil ón tróid inmheánach.
Is ábhar é an dúlagair nach tuigtear go forleathan go fóill.
Bíonn náire fós ar dhaoine in Éirinn labhairt faoi chúrsaí meabhairshláinte agus bíonn drogall ar chuid daoine éisteacht le daoine bheith ag caint faoi fiú.
Ní aithníonn an dúlagair bean nó fear, ní athníonn sé aois faoi leith ná creideamh faoi leith.
Thig leis bheith ar dhuine ar bith.
Seo scéal Alice….
Tá saol ar dóigh ag Alice anois.
Tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath agus tá sí ag obair léi, tá cailín úr aici agus deireann sí féin go bhfuil sí go hiomlán sásta inti féin agus leis an saol.
Rinne Alice an t-agallamh seo chun cuidiú le daoine atá ag gabháil tríd an rud céanna is a chuaigh sise tríd.
Bhí sí ag iarraidh taispeáint nár chóir náire bheith ar aon duine labhairt faoi cíbe streachailt atá ag gabháil ar aghaidh ina n-intinn.
“Tá sé tábhachtach,” arsa Alice, “go labhraínn tú faoi agus go mbíonn tú bheidh ionraic faoi mar níl sé sláintiúil é a choinneáil agat féin.”