Tá an tsraith ’Tríd an Dorchadas’ ar ais inniu ar Meon Eile.
Sa tsraith seo cluineann muid ó dhaoine áirithe a chuaigh trí chruachas ach a tháinig tríd an dorchadas agus a fuair faoiseamh as an saol arís.
Inniu cluineann muid scéal Hughie Eibhlín Uí Dhuibheannaigh.
Rugadh Hughie i Rann na Feirste, duine d’ochtar clainne.
Dúirt Hughie gur fhás sé aníos cosúil le hachan duine eile, nach raibh ólachán ina dteach féin ach ag amahrc siar anois go raibh fadhb le hólachán ag an dream a bhí muinteartha leis”.
Bhlas Hughie a chéad deoch nuair a bhí sé trí bliana deag d’aois agus gur shíl se gurb é an rud ba dheise agus ba ghreannmhaire a tharla dó ariamh.
Faoin am a raibh Hughie sé bliana deag d’aois bhí scéalta ag teacht ar ais chuig a mháthair agus a athair go raibh sé ag ól.
Rinne Hughie an cinneadh bogadh go Baile Átha Cliath agus dar leis go raibh sé i gcónaí ag iarraidh bogadh, ní raibh sé sásta le bheith san aon áit amháin.
D’oibrigh sé le Gael Linn nuair a bhog sé go BÁC ar dtús, ach tar éis píosa fuair sé post ag obair sna tolláin, obair a raibh airgead mór le saothrú as.
Chuaigh Hughie óna bheith ag saothrú £13 sa tseachtain go dtí £200 sa tseachtain – pá iontach maith i lár na 70í.
Dúirt sé féin gur ól sé an oiread agus a bhí sé ábalta agus cé go raibh sé ag saothrú go mbeadh sé féin agus roinnt fear eile cosúil leis briste i lár na seachtaine agus iad ag fanacht ar an chéad phá eile.
Phós Hughie don chéad uair nuair a bhí sé naoi mbliana deag d’aois, bhí mac aige agus thóg sé teach taobh amuigh do Bhaile Átha Cliath.
Ar an drochuair tar éis deich mbliana pósta, d’fhág bean Hughie de bharr an méid a bhí sé ag ól.
Mar a dúirt Hughie, “bhí an cinneadh le déanamh aige fanacht agus admháil go raibh fadhb aige nó imeacht”.
Chuaigh se leis an darna ceann.
D’imigh Hughie go Meiriceá ansin agus thosaigh sé ag obair dó féin. Bhí sé ag déanamh i bhfad níos mo airgid arís sna Stáit Aontaithe.
Casadh bean eile air agus ní raibh sé i bhfad gur phós sé don darna huair. Bhí triúr páiste aige, beirt ghirseach agus gasúr amháin.
Rinne Hughie iarracht fanacht ar shiúil ón ólachán, rinne sé iarracht gabháil chuig cruinnithe AA ach ní raibh sé ábalta admháil go raibh fadhb aige.
De bharr an ólacháin agus an dúlagar a théann leis, tháinig deireadh leis an darna pósadh agus bhog a dteaglach ar shiúil.
Ansin shocraigh Hughie bogadh go Londain, áit ar éirigh rudaí níos measa dó, go dtí gut thug sé a aghaidh ar Rann an Feirste arís.
“Míle uair a chuaigh mise a luí san oíche agus bheinn ag urnaí agus ag cur ceist ar Dhia gan ligint domh muscailt ar maidin,” ar seisean.
Seacht mbliana tar éis dó theacht ’na bhaile agus faoi chomhairle a charad Charlie Mac Grianna agus tacaíocht óna theaghlach féin, d’imigh Hughie go Gaillimh go hionad speisialta le cuidiú a fháil ar an aicíd a bhí air.
Chaith sé dhá sheactain déag ann agus nuair a d’fhag sé, bhí athrú meoin tagtha air.
Bhí sé ag iarraidh galar an óil a bhualadh an uair seo, d’aithin sé an fhadhb agus tháinig biseadh air dá réir.
Tá na cruinnithe ariamh tábhachtach do Hughie mar áis tacaíochta agus anois bíonn se ag úsáid a thaithí féin agus a scéal féin le cuidiú le daoine eile.
“Is aicíd atá ann agus níor chóir go mbeadh náire ar dhaoine ar bith, tá cuidiú amuigh ansin ach caithfidh tú a bheith sásta cuidiú leat féin ar dtús,” arsa Hughie.
Ag labhairt le Hughie anois deireann sé go bhfuil a shaol ar ais aige, agus nach bhfuil “airgead nó ór ar fud na cruinne a bheadh ábalta an saol atá aige anois a cheannacht”.
Tá caidreamh aige lena pháistí arís, tá suaimhneas intinne aige agus tá se sásta ann féin agus ina chuid oibre.