Seisiúin Barr a' Tí - Dysania

Inniu tá muid ar ais le heagrán úr den tsraith cheoil ‘Seisiúin Barr a’ Tí’ i gcomhpháirtíocht le Raidió Fáilte.

Rinneadh taifeadadh ar roinnt bannaí agus ceoltóirí Gaelacha ó fud fad na tíre i rith Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste ní ba luaithe sa bhliain.

Sna seachtainí atá romhainn beidh ceoltóirí ar nós Las agus Enda Reilly le feiceáil anseo agus inniu is é an banna ceoil Dysania atá linn.

Tá cleachtadh maith ag Dysania ar Bhéal Feirste faoin am seo agus bíonn siad ag seinm cois cuain go minic.

Banna rac agus punc Gaeilge iad Dysania ó Mhuineachán a aimsíodh ar dtús mar gheall ar chomórtas Ghael Linn, 'Scléip'.

Chomh maith le físeáin ar Meon Eile gach Déardaoin mar chuid de shraith 'Seisiúin Barr a' Tí' beidh tuilleadh le cloisteáil ó na ceoltóirí ar Raidió Fáilte idir 5in agus 6in.

Beidh an clár á chur i láthair ag tuairisceoir Meon Eile, Caoimhe Ní Chathail, agus Edel Ní Churraoin ó Raidió Fáilte.

Tá an-áthas orainn a bheith ag comhoibriú le Raidió Fáilte arís i mbliana. Bainigí sult as an cheol!

Is féidir éisteacht traic eile ó Dysania ar Soundcloud Meon Eile anseo.

Close
Close