Tá muid ag leanúint ar aghaidh lenár sraith nua cheoil i gcomhpháirtaíocht le Raidió Fáilte, agus sa cheathrú heagrán seo de ‘Seisiúin Barr a’ Tí’ cuirimid an banna Ériu i bhur láthair.
Is grúpa úr ceoil iad Ériu ina bhfuil triúr as Contae Aontroma a chanann sean-amhráin Chúige Uladh chomh maith le hamhráin mhóra idirnáisiúnta.
I mbun Ériu tá an t-amhránaí Caoimhe Ní Chathail as Béal Feirste, Frank Cassidy agus Aodán ‘Jaff’ Mac Seafraidh as Carraig Fhearghais.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi Ériu óna leathanach Facebook Anseo