Seanchéirdeanna na Éireann: Báid le Michael Staff MacDonncha

Is iomaí seancheird a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin anseo in Éirinn. Ach níl mórán daoine ann na laethanta seo ar féidir leo a rá gur saineolaithe iad ar na seanbhealaí cruthaitheacha a bhí ag muintir na tíre seo rudaí a chruthú. Sa tsraith seo ar Meon Eile 'Seancheirdeanna na hÉireann' buailfidh muid le daoine timpeall na tíre atá ag coinneáil seancheirdeanna beo.

In eagrán na seachtaine seo, bhuail Meon Eile le Michael Staff MacDonncha ar an Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe. Is saor bád é Michael, ceird atá á cleachtadh aige leis na blianta. Bíonn báid á ndéanamh agus á ndeisiú aige sa cheantar. Tá tábhacht ar leith leis na báid i gConamara agus is duine é Michael atá ag coinneáil an traidisiúin beo.

Bhuail Meon Eile isteach chuig Michael Staff MacDonncha ar na mallaibh le labhairt faoi thraidisiún na mbád agus faoina chuid oibre féin.

Close
Close