Scéalta ó bhean an tí: Sandra Nic Íomhair

San eagrán seo den tsraith ‘Cuimhní Órga: Coláiste Mhachaire Rabhartaigh’, bhí deis ag Meon Eile díriú ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí i gcoláiste Gaeltachta ar bith: na mná tí.

Thug muid cuairt ar Sandra Nic Íomhair as Doire Chonaire atá ina bean an tí le Gael Linn agus Coláiste Mhachaire Rabhartaigh le 19 mbliana anuas.

Thosaigh aistear Sandra leis na scoláirí Gaeltachta i bhfad sula raibh an ról mar bhean an tí aici, áfach, nó bhí máthair, Gracie, ag coinneáil scoláirí ó bhí sí óg, sula raibh Coláiste Mhachaire Rabhartaigh bunaithe go fiú.

San agallamh seo insíonn Sandra dúinn faoina hóige agus í ag cuidiú lena máthair, agus labhraíonn sí fosta faoin tionchar thar a bheith dearfach atá ag na scoláirí agus ag a dteaghlaigh ar an cheantar áitiúil ar thaobh na heacnamaíochta agus an chultúir de.

Is é an aidhm is mó a bhíonn ag Sandra ná go mbeadh na cailiní faoi chúram s’aici compordach sasta, go háirithe na daltaí is óige agus iad ag fanacht ar shiúl ón bhaile den chéad uair.

Mhol sí fosta an obair chrua a dhéanann Gael Linn gach blian chun tacú leis na mná tí, agus an tsár-iarracht a dhéanann siad an Ghaeilge a spreagadh agus cultúr an cheantair a choinneáil beo fríd an cheol, an damhsa agus an teanga.

Níl aon dabht go bhfuil an post mar bhean an tí deacair agus iad ag tabhairt aire do na céadta scoláirí thar na blianta, ach is léir go bhfuil Sandra tiomanta don ról tábhachtach seo agus go mbaineann sí sult agus tairbhe as achan bhliain.

Close
Close