Saol agus Saothar - Marcas Ó Murchú

Saol agus Saothar - Marcas Ó Murchú

Inniu ar Saol agus Saothar téann Lynette Fay ar cuairt go Doire Cholm Cille chun aithne níos fearr a chur ar an cheoltoir clúiteach Marcas Ó Murchú.

Fiú go bhfuil aithne ar Mharcas fud fad Chathair Dhoire, áit a bhfuil cónaí air anois lena bhean agus paistí, is i mBéal Feirste a rugadh agus a tógadh é, agus é iontach bródúil as.

Cluineann muid san agallamh seo faoin dóigh ar chuir Marcas suim sa cheol den chéad uair riamh agus cad é a spreag é chuig an stádas atá bainte amach aige sa lá inniu ann.

Tá sár-obair déanta ag Marcas leis an Ghaeilge agus leis an cheol, ní amháin i mbun teagaisc agus i mbun daoine a spreagadh ach fosta leis an taighde atá déanta aige le linn a shaoil.

I mbliana ag Fleadh Cheoil na hÉireann i nDoire bronnadh ‘Ard-Ollamh’ ar Mharcas mar gheall ar an méid atá déanta aige ar son an chultúir.

Cluineann muid cad é mar a mhothaíonn sé faoin aitheantas agus faigheann muid léargas ar na tograí éagsúla atá amach roimhe.

saol agus saothar - Marcas Ó Murchú
Close
Close