Pádraic Fiacc: Guth in éag

Pádraic Fiacc: Guth in éag

Is as Béal Feirste é an file Patrick ‘Joe’ O’Connor nó faoina ainm cleite, Pádraic Fiacc. Rugadh é i 1924 agus bhí cónaí air i gceantar na Margaí i lár Bhéal Feirste sula ndeachaigh clann s’aige ar imirce go Nua-Eabhrac agus é go fóill ina ghasúr. Tógadh i Hell’s Kitchen é, ach tháinig sé ar ais go hÉirinn agus é ina fhear óg agus scríobh sé cuid de na dánta is conspóidí dá chuid faoi na trioblóidí. Déanann scríbhínní Fiacc plé ar an fulaingt agus an foréigean a tháinig amach as an choimhlint. Cé gur chaith sé mórchuid dá shaol bocht, briste agus neamhaird déanta dá shaothar, tá daoine anois ag tabhairt an aitheantais a bhfuil tuillte aige dó.

Bhí oíche cheiliúrtha in ómós don fhile i gCultúrlann Mc Adam O Fiaich Dé hAoine seo caite. Tháining roinnt ealaíontóirí le chéile chun tasipeántais bunaithe ar Fiacc agus saothar s’aige a sheoladh. Bhí an scannán ‘Stormbird,’ stiúrtha ag Michael McKernon, le feiceáil mar chuid den oíche chomh maith.

Labhair Meon Eile le lucht freastal agus rannpháirtithe na hócáide faoin fhile féin agus na rudaí, dar leo, atá spéisiúil faoi na dánta atá scríofa aige.

Pádraic Fiacc: Guth in éag
Close
Close