Saol agus Saothar - Gearóid Ó hEára

Saol agus Saothar - Gearóid Ó hEára

Inniu ar Saol agus Saothar tá Lynette Fay i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire Cholmcille le labhairt le Gearóid Ó hEára atá ag obair ansin mar Phríomhfheidhmeannach ar an ionad.

Is duine é Gearóid a bhfuil go leor bainte amach aige go dtí seo ina shaol agus cuireann muid aithne níos pearsanta air le linn an agallaimh agus é ag labhairt linn faoi mhór-eachtraí a shaoil.

Rugadh agus tógadh Gearóid ar an Chreagán sa chathair sa bhliain 1953. Cluineann muid uaidh faoin ré inar fhás sé aníos agus faoin chúis a spreag é dul i dtreo cúrsaí polaitaíochta.

Labhraíonn sé linn faoin mheon a bhí ann le linn na dTrioblóidí, faoin chruachas agus faoin fhoréigean, agus faoin lá tubaisteach sin ar Dhomhnach na Fola.

Mar bhall de Shinn Féin bhí Gearóid pairteach sa ghluaiseacht cearta daonna ó na Trioblóidí fríd go dtí Comhaontú Aoine an Chéasta.

Tá sé soiléir go bhfuil Gearóid an-bhródúil as an dul chun cinn atá déanta ag Doire, go háirithe agus é ag inse dúinn faoin rath a bhí ar Fhleadh Cheoil na hÉireann 2013.

Tá Cultúrlann Uí Chanáin ag dul chun cinn i gcónaí agus Gearóid ag amharc chun tosaigh ar an chéad chéim eile don chultúr agus don chathair.

Saol agus Saothar Gearóid Ó hEára
Close
Close