Saol agus Saothar - Ferdie Mac an Fhailigh

Saol agus Saothar - Ferdie Mac an Fhailigh

Tá Saol agus Saothar le Lynette Fay ar ais ar Meon Eile inniu agus í i mbun cainte le Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh.

Is as Contae Thír Eoghain é Ferdie ó dhúchais agus cónaí air go fóill ann. Is é ar an Ómaigh atá cónaí air anois lena bhean chéile agus ceathrar clainne orthu.

Fuair Ferdie a chuid oideachais in Acadamh Naomh Pádraig, Dún Geanainn agus ar Ollscoil na Banríona Béal Feirste, áit ar bhain sé amach céim sa Cheiltis. Tá Máistreacht sa Bhainistíocht aige ó Ollscoil Uladh fosta.

Tá aithne ag an chuid is mhór againn ar an ainm ‘Ferdie Mac an Fhailigh’ mar ghníomhaí teanga agus ar ndóigh tá a shaol caite ag Ferdie ag obair ar son na Gaeilge. Chaith sé roinnt blianta mar bhainisteoir an tuaiscirt le Gael Linn i ndiadh an choláiste a fhágáil.

Is é i 2003 a ceapadh é ina Leas-Phríomhfheidhmeannach agus ina Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ag Foras na Gaeilge agus é freagrach as an oifig i mBéal Feirste.

I mí Dheireadh Fómhair 2006 a thosaigh Ferdie mar Phríomhfheidhmeannach an eagrais, ról a bhfuil ann ó shín.

saol agus saothar - ferdie mac an Fhailigh
Close
Close