Saol agus Saothar - Aodán Mac Póilin

Saol agus Saothar - Aodán Mac Póilin

An tseachtain seo ar ‘Saol agus Saothar’ téann Lynette Fay i mbun cainte le stiúrthóir Iontaobhas Ultach, Aodhán Mac Póilin, chun aithne níos fearr a chur air.

Rugadh agus tógadh Aodán anseo i mBéal Feirste agus é go fóill ina chónaí ann. Is gníomhaí aitheanta Gaeilge é Aodán agus an saol caite aige ag obair ar son an teanga… ach ní mar sin a bhí sé i gconaí. Cluineann Lynette faoin dóigh ar chuir sé suim sa Ghaeilge an chead lá riamh agus na daoine a spreag é dul ina bun.

Bhí páirt mhór ag Iontaobhas Ultach i ngluaiseacht na Gaeilge anseo ó thuaidh agus go leor bainte amach acu ar son na cúise. Cluineann muid ó Aodán faoin tabhacht a bhaineann leis an eagras agus an méid atá déanta aige fein ó ceapadh é mar stiúrthóir ar an eagraíocht in 1990.

Aithníonn Aodán gur gníomhaí ceart é ach ní dhéanann sé leithscéal ar bith faoi – insíonn dúinn faoin chuspóir atá taobh thiar dá chuid oibre agus léiríonn sé gur fiú an tairbhe an trioblóid. Bhí sé ina measc sin a chuaigh i mbun feachtasaíochta chun iarraidh ar an BBC ábhar Gaeilge a craoladh ar an teilifís agus raidió.

Ach cad atá i ndán don Ghaeilge amach anseo? Cad atá á dhéanamh againne mar phobal chun í a choinneail beo? Cluineann muid faoi thuairimí Aodáin mar gheall air seo fosta san agallamh an-spéisiúil.

saol agus saothar - Aodhán Mac Poilín
Close
Close