Idir Mise agus Tusa - Páistí ag Rialú an Domhain


Agus páistí óga gafa sa teach faoi láthair le linn na dianghlasála, caitheann muid súil siar ar 2015 agus ar an tsraith iontach 'Idir Mise agus Tusa', a chruthaigh Macha Media do Meon Eile. Sa tsraith bhríomhar drámaíochta seo, feicfidh muid meascán d'agallaimh beirte atá léirithe ag daoine óga as gach cearn de Chúige Uladh. Is é seo clár 4 sa tsraith.

An féidir an domhan a rialú le cineáltas? An bhfuil rud ar bith le foghlaim ag polaiteoirí ó pháistí? Sin an argóint atá ann idir Caoimhe agus Sadhbh as Ard Mhacha an tseachtain seo.

Close
Close