Mná Tí, a scéal - Nóra Frank Chonaill

Meon Eile ar ais lenár sraith ‘Mná Tí, a scéal’, agus inniu tá muid i Rann na Feirste le bean tí a bhfuil cúil mór uirthi, Nóra Ní Raghailligh, nó mar is fearr aithne uirthi, Nóra Frank Chonaill.

Tá scoláirí sa teach ag Nóra ó bhí sí dhá bhliain d’aois, agus nuair nach raibh a máthair ná a deirfiúir ábalta na scoláirí a choinneáil níos mó rinne sí cinneadh go dtabharfadh sí faoi.

Bhain Nóra go leor suilt as na scoláirí bheith sa teach agus cé nach gcoinníonn sí féin scoláirí níos mó, bíonn siad go fóill sa teach ag a iníon Cáitlín.

Tchíonn Nóra difear mór sna scoláirí a bhí ag teacht blianta fada ó shin le taobh na scoláirí atá ag teacht anois, ach tá sí sásta go bhfuil siad go fóill thart.

Seo a scéal.

Nóra Frank Chonaill
Close
Close