Mar chríoch ar an tsraith spóirt 'An Bhearna Bhaoil', chuaigh Meon Eile sa tóir ar dhaoine a dhéanann ceann de na spóirt is mó le rá i láthair na huaire, is é sin MMA, spórt an trodaí Éireannaigh Conor McGregor.
Tá spórt eile mar bhunús le MMA, áfach, is é sin Jú-Jiotsú Brasaíleach (BJJ).
Is ealaín chomhraic é Jú-Jiotsú Brasaíleach ina n-úsáidtear scil agus teicnící éagsúla chun do chéile comhraic a chur go talamh, agus a choinneáil ansin.
Cleachtann Conchúr Mac Diarmada Jú-Jiotsú Brasaíleach cúpla uair sa tseachtain ina chlub áitiúil i nDoire.
Ghlac sé páirt i gcomórtais idirnáisiúnta BJJ agus MMA agus d'éirigh leis a chéad bhonn óir a bhuachan i Manchain ar na mallaibh, ábhar bróid dó féin agus dá chlub.
Bhuail Meon Eile le fear an chreasa ghoirm le fáil amach cad chuige a gcuirfí suim sa spórt brúidiúil seo...